| Eagrán / Edition 3 - 25 05 2007 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar/ Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Tabharfaimid féin an Samhradh linn | Here comes the summer! karl test |
600 déagóir i seomra mór, ceol ag bleaisteáil amach as na callairí, an ghrian ag spalpadh síos nó an ghealach lán ag gáire síos ó spéir dhubh dhubh ghorm agus Gaeilge bhinn ar do thoil agat. An cuimhin leat na laethanta gleoite a chaith tú mar dhalta i gcoláiste samhraidh? Nó b'fhéidir nár fhreastail tú ar choláiste riamh (an bhfuil folús i do chroí dá bharr...?) Níl aon cheist, áfach, ach gur gné ar leith de saol na hÉireann iad na coláistí samhraidh. Níl a leithéid le fáil i dtír ar bith eile san Eoraip. Gan amhras bheadh scéal nó dhó faoi na coláistí céanna agus na déagóirí hormónacha a fhreastalaíonn orthu ag Caitríona Ní Cheallaigh, cathaoirleach feidhmitheach Choláiste na bhFiann. Tá 30 bliain ann ó thug sí aghaidh ar Ros Muc ar feadh trí seachtaine í féin don chéad uair. Tá rudaí athraithe go mór ó shin agus tá idir 22,000 agus 23,000 dalta iar-bhunscoile ag freastal ar choláistí samhraidh gach bliain anois. Tá raon leathan coláistí ann agus is cinneadh mór é páiste a chur faoi chúram daoine eile ar feadh trí seachtaine. Tá Ní Cheallaigh in amhras faoin méid machnaimh a dhéanann roinnt tuismitheoirí ar an gcinneadh seo. Tugann sí comhairle do gach tuismitheoir - fiafraigh daoibh féin "An bhfuil sibh cinnte faoi shábháilteacht bhur bpáistí; an bhfuil sibh cinnte go mbeidh béiltí cearta curtha ar fáil; an bhfuil sibh cinnte go bhfuil maoirseacht cheart á dhéanamh orthu ó mhaidin go hoíche; agus ar deireadh thiar an bhfuil sibh cinnte go mbeidh Gaeilge á labhairt acu ó mhaidin go hoíche?" Dar le Ní Cheallaigh ní fiú do dhuine óg ar bith freastal ar choláiste samhraidh mura bhfuil freagraí sásúla faighte ar na ceisteanna bunúsacha sin. Tá Caitríona Ní Cheallaigh ar fáil chun labhairt libh faoi choláistí samhraidh agus cothú na Gaeilge i measc daoine óga taobh amuigh den tréimhse idéalach samhrúil ach glaoch a chur uirthi ag (01) 2808091 nó r-phost a chur chuig eolas@colaistenabhfiann.ie. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.colaistenabhfiann.ie Ach ní don aos óg amháin atá an Ghaeltacht ann ar ndóigh. I "Vótáil" ar Gaelport.com iarradh ar chuairteoirí ar an suíomh an mbeidh siad ag dul ar saoire sa Ghaeltacht an samhradh seo. Dúirt 43% go mbeidh cinnte, dúirt 21% gur an-smaoineamh a bhí ann agus dúirt 21% nach mbeadh spéis acu ann. Cé nach bhfuil i gceist sa vótáil ar Gaelport.com ach píosa craic is léargas é ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht mar áit inar féidir linn athcheangal a dhéanamh leis an nGaeilge. Tuigeann Údarás na Gaeltachta an ceangal agus an tarraingt sin. Is é Bertie Ó Finneadha an bainisteoir turasóireachta in Údarás na Gaeltachta. Tá sé freagrach as www.gaelsaoire.ie mar shampla i measc tionscnaimh eile a mheallann daoine, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, chuig an Ghaeltacht ó ceann ceann na bliana. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 091 503164 nó ag bof@udaras.ie. |
600 teenagers in one big room, music blasting from the speakers, the sun beating down or the full moon laughing down from the dark navy sky and beautiful Irish streaming from your lips. Do you recall the delightful days you spent as a student in a summer college? Or maybe you never attended a college (do you have an empty space in your heart as a result...?) However, there is no question that Irish summer colleges are a unique aspect of Ireland. There is nothing like them in the rest of Europe. Without a doubt Caitríona Ní Cheallaigh, executive chair of Coláiste na bhFiann would have a tale or two about those summer colleges and their hormonal teenagers. It's 30 years since she set out for her first 3 week stint in Ros Muc. Many things have changed since then and between 22,000 and 23,000 students attend summer colleges every year. There is a broad range of colleges available now and it's a big decision to entrust your child to someone else's care for 3 weeks. Ní Cheallaigh is doubtful about the amount of thought many parents put into this decision. She advises every parent to ask themselves "Are you sure about you child's safety; are you sure they will get proper meals; are you sure they will be supervised from morning til night; and lastly, are you sure that they will be speaking Irish from morning til night?" According to Ní Cheallaigh there is no point in sending any child to a summer college unless those basic questions have been given a satisfactory answer. Caitríona Ní Cheallaigh is available to talk about summer colleges and maintaining the young people's Irish after that idyllic, summery period. Just ring her at (01) 2808091 or email eolas@colaistenabhfiann.ie. For more information visit www.colaistenabhfiann.ie But holidays in the Gaeltacht are not just for youngsters. In Gaelport's polls, "Vótáil" we recently asked visitors to the site whether they would be going on holidays to the Gaeltacht this summer. 43% siad they would definitely, 21% said they thought it was a good idea and 21% said that it would not interest them. Even though the polls on Gaelport.com are just a bit of craic it does remind us how important the Gaeltacht is in allowing us to reconnect with the language. Bertie Ó Finneadha is the tourism manager in Údarás na Gaeltachta. He is responsible for www.gaelsaoire.ie for example among other projects that entice people, Irish and foreigners alike, to the Gaeltacht all year round. You can contact him at 091 503164 or at bof@udaras.ie. |
Craoltóirí na todhchaí | Broadcasters of the future |
Bígí ag faire ar bhur gcuid post! Fógraíodh torthaí an Chomórtais Clár Raidió Gael Linn 2007 i mí Aibreáin. Comórtas do mhic léinn idirbhliana ina ndéantar clár gairid raidió de 15 - 20 bomaite. De ghnáth roghnaíonn siad téama amháin agus déanann siad forbairt air. Is féidir leo rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid e.g. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile. Tá trí phríomhchatagóir ann: Duaiseanna Náisiúnta, Roinn A do scoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge agus Roinn B do scoileanna nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge. Bronnadh na duaiseanna mar seo a leanas ar na scoileanna seo as na sárchláir a rinne siad:
Bhí ócáidí bronnta ar siúl in Galway Bay FM ag deireadh mhí Aibreáin agus in Northern Sound agus Raidió na Life ag tús na míosa seo. Déan teagmháil le Seán Ó Ceallaigh i nGael Linn ag (01) 6751200 nó seanc@gael-linn.ie agus cuirfidh seisean i dteagmháil leis na múinteoirí agus le craoltóirí na todhchaí sibh. |
Watch yer jobs folks! The results of Gael Linn's 2007 Radio Programme Competition were announced in April. This is a competition for transition year students where they make a short programme of 15 - 20 minutes. Usually they choose a single theme and they develop it. They can use whatever approach they wish - e.g. interview, conversation, live music, news etc. There are three main categories: National Prizes, Section A for schools where teaching is in Irish, and Section B for schools where the teaching is not in Irish. The prizes were awarded as follows to these schools for the excellent shows they put together:
There were presentation ceremonies in Galway Bay FM at the end of April and in Northern Sound and Raidió na Life at the beginning of this month. Contact Seán Ó Ceallaigh in Gael Linn at (01) 6751200 or seanc@gael-linn.ie and he will put you in contact with the teachers and broadcasters of the future. |
Déan Spás | Make room |
I mí dheireadh Fómhair seo caite sheol 4 chumann carthanachta feachtas chun deireadh a chur le easpa dídine sa tír seo. Is iad na heagraíochtaí deonacha Simon Communities of Ireland, St. Vincent de Paul, Focus Ireland agus Threshold atá i mbun an fheachtais seo. Dar leo is féidir críoch a chur leis an bhfadhb seo sa tír seo chomh luath is atá na polasaithe cearta i bhfeidhm, a dhóthain acmhainní ar fáil agus ceannaireacht pholaitiúil láidir ann. Is feachtas é seo atá dírithe ar an bpobal - tá siad ag lorg thacaíocht an phobail trí shíntiús a ghlacadh leis an bhfeachtas ar a suíomh www.makeroom.ie Tá Niamh Murphy ag obair le Focus Ireland mar chúntóir taighde agus polasaí. Tá Gaeilge bhreá aici agus í an-eolach ar an bhfeachtas seo agus cúrsaí eile nach é a bhaineann le heaspa dídine. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ach scairt a chur uirthi ag 01-8815967 nó r-phost a sheoladh chuici ag nmurphy@focusireland.ie. |
Last October four charitable organisations began a campaign to put an end to homelessness in this country. Simon Communities of Ireland, St. Vincent de Paul, Focus Ireland and Threshold are behind this campaign. According to them this problem could be ended in this country as soon as the right policies are implemented, enough resources are made available and as soon as there is strong political leadership. This campaign is aimed at the public - they are seeking the public's support by subscribing to the campaign on their website www.makeroom.ie Niamh Murphy is working with Focus Ireland as a research and policy assistant. She has good Irish and is very knowledgeable about the campaign and other issues to do with homelessness. You can contact her at 01-8815967 or email her at nmurphy@focusireland.ie. |
Oscail doras an eolais. Conas ? Le eochair ar ndóigh! | Open the door to information. How? With a key of course! |
Ba chóir go mbeadh eochair eolais faighte sa phost agaibh le déanaí. Tá súil againn go bhfuil sibh ag baint tairbhe aisti. Tá seans ann, áfach, nach bhfuil sé de nós agat a leithéid a úsáid. Tá siad an-úsáideach agus éasca le húsáid agus is féidir an eochair a chur ar d’fháinne eochrach agus tá sí THAR a bheith faiseanta, a thaisce! Ar eagla na heagla seo roinnt treoracha simplí:
Má tá aon deacrachtaí agat nó mura bhfuair tú eochair déan teagmháil le Roseanne Smith sa Chomhdháil ag cogar@gaelport.com nó 01 6794780. ÚSÁIDEOIRÍ MAC: Tá leagan speisialta Mac againn - déan teagmháil linn agus cuirfimid eochair úr chugat. |
You should have received a data key in the post recently. We hope you are finding it useful. However it is possible that not all of you have used this kind of thing before. They're very useful and easy to use and you can stick them on your key ring and they are the HEIGHT of fashion, darling! Just in case here are a few simple instructions:
If you have any difficulties or if you haven't received a data key contact Roseanne Smith in An Chomhdháil at cogar@gaelport.com or 01 6794780. MAC USERS: We have a special Mac version - contact us and we'll send you a new key. |
An nuacht is déanaí ó Ghaelport.com | The latest news from Gaelport.com |
Bheadh Muintir na Gaillimhe bródúil dá dtabharfaí Stádas Dhátheangach don chathair. |
Galway People would be proud if Bilingual Status would be conveyed on the city. |
Tuilleadh eolais ar faÃl i gcónaà ar www.gaelport.com |
All |
2007-06-01 go 2007-06-04 EISTEDDFOD le Ógras, United Counties Show Ground in aice le Carmarthen, www.ogras.ie [Ar lean / More] |
2007-06-08 Féile Cholm Chille 2007 - Kila, Capercaillie, Dáimh agus togha na siamsaíochta!, Oileán Í, Albain, www.colmcille.net [Ar lean / More] |
Connacht |
2007-05-25 go 2007-05-27 Ealaín ar Oileán, Inis Oírr, [Ar lean / More] |
2007-05-26 Dráma: 'Ag Claí na Muice Duibhe', An Taibhdhearc, Cathair na Gaillimhe, www.antaibhdhearc.com [Ar lean / More] |
Laighean |
2007-05-27 CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE - An Chomaoineach Naofa, Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8, [Ar lean / More] |
2007-06-02 URNAÍ NA NÓNA CÓRÚIL - ceol nua le Seoirse Bodley agus Caitríona Ní Dhubhgaill, Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, http://www.cccdub.ie/music/catharts/2007/cc-festival-2007.html [Ar lean / More] |
Tuilleadh eolais ar faÃl i gcónaà ar www.gaelport.com |
An mhí seo agus an tír báite in airgead le teacht na SSIA-anna (!) tá an mhír seo ag díriú ar airgead agus ar shaibhreas. This month and the country swimming in money since the SSIAs came to fruition the focus is on money and wealth. Tá cam ar an tine aige/ aici Tá an tír in éad leis ina charr/ ar a bhád nua srl. Ní thuirsítear fear na héadála Bailíonn brobh beart Tá sé/ sí i leorchruth Ní fiú sciúrtóg é An té a bhíonn thíos buailtear cos air, an té a bhíonn thuas óltar deoch air |
An tseachtain seo is é Ciarán Ó Muirí atá faoi agallamh againn. Is é Ciarán an bainisteoir ar Chomharchumann Cumarsáide Phobal Bhaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh Teo atá i mbun Near90FM, Near TV agus Community IT Centre in oirthuaisceart chathair Átha Cliath. Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? Cé chomh fada is atá tú ag craoladh i nGaeilge? Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár s'agatsa? Inis dúinn faoi do thaithí féin - cuir r-phost le d'fhreagraí chuig Roseanne Smith ag cogar@gaelport.com |
This week Ciarán Murray answers the questions. Ciarán is the manager of Dublin North East Community Communications Co-operative Society Ltd. who run Near90FM, Near TV and Community IT Centre in the north east of Dublin City. What's your name, where are you from and who are you broadcasting with? How long are you broadcasting in Irish? What is the biggest difference, do you think, between broadcasting in Irish and in English? What is your favorite radio programme? Tell us about your own experience - send an e-mail with your answers to Roseanne at cogar@gaelport.com |
Sa mhír seo beimid ag cur láithreoirí/ léiritheoirí faoi agallamh a rinne clár nó sraith le maoiniú ó scéim Fuaim & Fís an BCI. Cuirimid fáilte roimh bhur scéalta agus taithí! Cad is ainm duit? Fuair tú maoiniú faoin scéim Fís agus Fuaim - céard dó? Déan cur síos dúinn ar an gclár/ ar an tsraith le do thoil. Agus cén fáth gur dhírigh tú ar an ábhar sin? Cén stáisiún raidió ar ar craoladh do shaothar? An mbíonn tú ag obair leis an stáisiún sin go hiondúil?
|
In this section we will be interviewing presenter/ producers who made a programme or series with funding from BCI's Sound & Vision scheme. We welcome your stories and experiences! What's your name? You got funding from the Sound & Vision Scheme - what for. Describe the programme/ series please. And why did you choose this subject? Which radio station broadcast your work? Do you work with this station normally? Tell us about your own Sound and your own Vision - send an e-mail with your answers to Roseanne at cogar@gaelport.com |
Fógraíonn BCI sonraí an cheathrú babhta maoinithe de "Fuaim agus Fís" don teilifís | BCI announces details of fourth funding round of 'Sound & Vision' for television |
D'fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) sonraí an cheathrú babhta maoinithe de "Fuaim agus Fís" i gcomhair teilifíse. [Ar lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has announced details of the fourth funding round of Sound & Vision, the Broadcasting Funding Scheme, for television. [More] |
Fógraíonn BCI Taighde comhpháirteach in éineacht leis an NDA | BCI announces Joint Research with NDA |
D'fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) le déanaí (Déardaoin 3 Bealtaine) sonraí tionscadail taighde comhpháirteach in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA) a bheidh dírithe ar léiriú daoine le míchumas sna meáin chraolta Éireannacha. San áireamh sa tionscnamh tá trí phíosa taighde neamhspleácha: athbhreithniú polasaí, reachtaíocht agus cleachtas i ndlínsí eile; suirbhé dearcaidh; agus anailís ar ábhar sna sceidil reatha. [Ar lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) recently (Thursday May 3rd) announced details of a collaborative research project with the National Disability Authority (NDA) focusing on the representation of people with disabilities in Irish broadcast media. The project involves the commissioning of three independent pieces of work addressing: a policy, legislative and practice review of other jurisdictions; an attitudinal survey and; a content analysis of current programming. [More] |
Scéim oiliúna agus forbartha "New Adventures" athsheolta ag an BCI | BCI re-launches "New Adventures" scheme as part of new training & development programme |
D'fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann le déanaí athsheoladh na scéime "New Adventures in Broadcasting". Is í aidhm na scéime ná tacú le forbairt clársceidealaithe nua, nuálaíoch agus inchothaithe in earnáil an raidió. Tá an scéim athsheolta seo oscailte do chraoltóirí tráchtála, pobail agus na seirbhíse poiblí. [Ar lean]
|
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) recently announced the re-launch of its New Adventures in Broadcasting Scheme. The Scheme aims to support the development of new, innovative and sustainable programming within the radio sector. The re-launched Scheme is open to all commercial, community and public service broadcasters. [More] |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com