| Eagrán / Edition 21 - 20 01 2009 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
An Chéad Dáil Éireann ina hEiseamláir Ghaeilge |
First Dáil Éireann- An Example to politicians of today |
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na páirtithe polaitiúla ar fad tús áite a thabhairt don Ghaeilge le linn chomóradh 90 bliain Chéad Dáil Éireann Dé Céadaoin 21 Eanáir 2009, mar chomhartha measa ar an oiread Gaeilge is a bhí in úsáid i nDáil Éireann um an tráth seo 90 bliain ó shin. Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Deineadh an chuid is mó de ghnó na Dála i nGaeilge an lá a tionóladh an Chéad Dáil Éireann in Áras an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, ar an 21 Eanáir 1919 agus ba bhreá leis an gConradh agus le pobal na Gaeilge ar fud na tíre, go léireodh ár dTeachtaí Dála agus ár nAirí a gcumas agus a gcuid measa ar an teanga dúchais sa Dáil ar an gCéadaoin bheag seo go háirithe. 'Agus Gaeilge ar a dtoil ag ceannairí uile na bpríomhpháirtithe polaitiúla agus líon nach beag de na Teachtaí Dála eile, níl aon chúis nach bhféadfaí aithris a dhéanamh ar mhuintir na Chéad Dála agus aon ócáid chuimhneacháin a bheith trí mheán na Gaeilge. Go deimhin, is mór an trua nach bhfuil níos mó Gaeilge in úsáid sa saol polaitiúil in Éirinn inniu nuair atá níos mó gá ná riamh leis an dea-threoir ó cheannairí uile an phobail sa ghátar eacnamaíoch ina bhfuilimid, agus nuair atá géarghá le luacha pobail a chothú le go dtiocfaimis as.' |
Conradh na Gaeilge is looking to all the political parties to give prominence to the Irish language while commemorating the first Dáil Éireann this Wednesday 21 January 2009, considering the amount of business conducted through Irish in Dáil Éireann 90 years ago. Pádraig Mac Fhearghusa, President of Conradh na Gaeilge said: 'The majority of Dáil business was done through Irish the day the Chéad Dáil Éireann was held in Mansion House, Dublin, on the 21st of January 1919 and the Conradh, on behalf of the Irish-language community, are encouraging and will greatly welcome our TDs and ministers speaking Irish at all events commemorating this occasion. 'Considering the leaders of all our major political parties, and a number of other TDs besides, can speak the language fluently, there is no reason why they shouldn't follow in the footsteps of the first Dáil Éireann politicians and host any commemorative events through the medium of Irish. Indeed, the language should be used more often on the modern political scene in Ireland now more than ever before, at a time when the community needs strong leadership and a strong sense of cultural values to help overcome the difficulties of the current economic climate.' [More] If you need further information about this campaign for your show contact Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge on 066 7124169 / 087 2901154 or call Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge on 01 4757401/086 8142757 |
Déan Cairdeas le.....Feidhmchlár (Facebook as Gaeilge!) |
Make friends with.....Feidhmchláir (Facebook as Gaeilge!) |
An raibh a fhios agat go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil de Facebook nó Feidhmchlár mar a thugtar air i nGaeilge anois! B’fhéidir go bhfuil tusa nó an duine sa stiúideo leat ar cheann do na 278 duine atá ag déanamh aistriúcháin ar théarmaí Béarla atá in úsáid ar an láithreán líonraithe shóisialta! |
Did you know that an Irish version of Facebook, or Feidhmchláir as it is called in Irish now? Maybe you or somebody in your studio is one of the 278 people who are translation the English terms used on the social networking site. |
Físeáin sa Rang: Áis nua don bhéaltriail |
Video clips in the classroom: Another learning aid for Oral Irish Exam |
Ar Lá Caille dúirt an tAire Oideachas, Batt O'Keeffe T.D. go gcuirfear tuilleadh béime ar an nGaeilge labhartha san Ardteistiméireacht. De réir na n-athruithe atá beartaithe, bheadh an méid marcanna atá ag dul don chluastuiscint le titim, agus is mír í seo go traidisiúnta ina n-éiríonn le daltaí níos laige marcanna a ghnóthú. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar rang na hArdteiste 2009 ach beidh tábhacht 40% leis an scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach ó 2010 agus san Ardteist ó 2012 amach. Má tá tú ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Foinse sa Rang is fearr glaoch a chur ar Foinse ag 091-595520 |
On New Year's Day, the Minister for Education Batt O'Keeffe T.D. announced that would be further emphasis placed on spoken Irish in the Leaving Cert. According to the announced changes, the marks for the listening comprehension will fall and it is this section where weaker students pick up marks. The changes however will not affect the class of 2009 and from 2010 the oral examination will be worth 40% in the Junior Certificate and from 2012 it will amount for 40% of marks in the Leaving Certificate. |
Dual: blaiseadh breá d'amhráin i nGaidhlig agus i nGaeilge |
Dual: A great selection of songs in Gaidlig and as Gaeilge |
Albam nua de cheol traidisiúnta is ea 'Dual' ar a bhfuil blaiseadh breá d'amhráin i nGaidhlig agus i nGaeilge agus iad fite fuaite le chéile chun ceol nua spéisiúil a thabhairt dúinn. |
Dual is a new album of traditional music which has recently been released. The album boasts a good selection of songs in Gaidhlig and as Gaeilge, but the interesting thing about this album is that the songs are sung in duets and not separately to give the listener a new and interesting sound. Dual is a project between two Scottish musicians and two Irish musicians, Julie Fowlis and Ross Martin from Scotland and Muireann Nic Amhlaoibh and Eamon Doorley from Ireland. |
Coistí fud fad na tíre ar bís faoi torthaí Ghlór na nGael |
Committees across country await Glór na nGael Results 2008 |
Bronnann Glór na nGael breis agus EUR150,000 de dhuaiseanna ar choistí áitiúla Gaeilge timpeall na tíre gach bliain Tugann an comórtas aitheantas d'iarrachtaí gach pobail an teanga a chur chun cinn. Beidh torthaí 2008 á bhfógairt ag Seán Bán Breathnach ar Raidió na Gaeltachta ag 9.15r.n. 30 Eanáir. |
Every year Glór na nGael awards more than €150,000 worth of prizes to Irish language committees from around the country. The competition recognizes the voluntary work by many communities to promote the language. The participating committees cover every county in Ireland and there are 10 different countries involved in the International competition, Global-Gaeilge. Most committees work on a voluntary basis and some provide employment for people with the Irish language in this country. Marcas Mac Ruairí is dealing with questions from the media. You can contact him on 00353 86 171 9755. |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2009-01-30 go 2009-02-01 Scoil Gheimhridh Merriman, 28 Páirc an Fhiaigh Thoir, Cathair na Mart, Maigh Eo , www.merriman.ie [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2009-01-21 Caife Cois Life, Ceannáras Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-23 Seachtain na hAontachta Críostaí 2009, Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8 , [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-27 Bewley’s @ 6!, Amharclann Bewley’s, Sráid Grafton, Baile Átha Ciath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-28 Caife Cois Life, Ceannáras Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-28 go 2009-02-01 Féile Traidisiúnta Barra an Teampaill , Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2, www.templebartrad.com [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2009-02-05 Club Daon-Phoblacht le Silta , The Roundy, Sráid an Chaisleáin, Co. Chorcaí , www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge [[Ar lean] / [More]] |
2009-02-18 go 2009-02-22 Scoil Ceoil an Earraigh 2009, Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, www.scoilcheoil.com [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2009-01-24 Oíche mór siamsaíochta ins An Droichead , Béal Feirste, www.androichead.com [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-24 Ceolchoirm Traidisiúnta i mBéal Feirste , An Droichead, 20 Sráid Chuic, Béal Feirste , [[Ar lean] / [More]] |
2009-01-27 Seoladh Leabhar i mBéal Feirste , An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
An Dífhostaíocht/Unemployment Ar an drochuair is deacair an t-ábhar seo a sheachaint na laethanta seo agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh scéalta faoi na fógraí iomarcaíochta sna ceannlínte go ceann tamaill. Ní hamháin go bhfuil monarchana ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag scaoileadh a bhfostaithe óna gcuid ndualgas ach tá imní ar fhostaithe i réimsí oibre eile agus i measc na ngairmeacha beatha traidisiúnta fiú faoina bhfuil i ndán dóibh as seo amach.
|
Daithí Ó Daibhín-An Roinn Rince ar Spin103.8/Top 40 Oifigiúil na hÉireann |
Daithí Ó Daibhín-An Roinn Rince on Spin 103.8/ Top 40 Oifigiúil na hÉireann |
Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? |
What is your name, where are you from and who are you broadcasting with? |
Fógraíonn an BCI sonraí an seachtú babhtha d |
BCI announces details of seventh funding round of Sound and Vision for Television |
D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann inniu sonraí an seachtú babhta den scéim Fuaim agus Fís. Scéim dheontais is ea Fuaim agus Fís a dearadh chun tacú le léiriú clár nua teilifíse agus raidió i réimsí cultúir, oidhreachta agus taithí mhuintir na hÉireann, agus i réimse na litearthachta do dhaoine fásta. |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) today (18th December) announced details of the seventh funding round of Sound & Vision, the Broadcasting Funding Scheme, for television. |
Conradh Teilifíse nua sínithe ag an BCI do lucht féachana Oirthear na hEorpa. |
BCI signs tv contract for Eastern European Viewers |
Tá Conradh sínithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann ( 8 Nollaig) le City Channel Eastern Europe Limited le seirbhís teilifíse nua a sholáthar do lucht féachana Oirthear na hEorpa i Bhaile Átha Cliath [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland has today (December 8th) signed a contract with City Channel Eastern Europe Limited for a new service targeting eastern European viewers in the Dublin area. |
Eur5.5 milliún ar fáil do léiriúcháin neamhspleácha anois - An tAire Eamonn Ryan |
EUR 5.5 Million now available for independent productions now- Minister Éamonn Ryan |
De réir mar a chríochnaigh an Bille Craolacháin ag Céim an choiste inniu d’fhógair an tAire Cumarsáide go méadófar an maoiniú le haghaidh na scéime Fuaim agus Fís faoi 2% ar an méid a tugadh don scéim roimhe seo. [Ar Lean] |
As the Broadcasting Bill concluded Committee Stage today, Communications Minister Eamon Ryan announced that he will increase funding for the Sound and Vision programme by 2% on the previous allocation. |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com