| Eagrán / Edition 19 - 04 11 2008 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
'An Phleist Mhór 'agus 'An Cléireach' fógartha mar buaiteorí 'Leabhar na Bliana'2008 |
‘An Phleist Mhór’ and ‘An Cléireach’ win Book of the Year Awards, 2008 |
Tugadh aitheantas d'ardcháilíocht agus do shárchaighdeán na foilsitheoireachta i nGaeilge ag an deireadh seachtaine nuair a fógraíodh buaiteoirí 'Leabhar na Bliana' ag Oireachtas na Samhna a bhí á reáchtáil i mbliana in Óstán Rochestown Park i gCorcaigh. Bhí cuireadh ag foilsitheoirí Gaeilge ar fud na tíre leabhair a chur isteach ar dhá ghradam, Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga). Is géar a chuaigh an iomaíocht idir na seacht leabhar mórfhiúntais a ainmníodh ar Ghearrliostaí an dá Ghradam a bhfuil ciste iomlán Eur25,000 de dhuaiseanna ann dóibh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) ar na foilsitheoirí Leabhar Breac don úrscéal 'An Cléireach' a scríobh Darach Ó Scolaí as Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tugtar cuntas sa leabhar ar an saol ag cléireach in Arm na hÉireann le linn ré Chromail agus faigheann an léitheoir léargas ar an tréimhse sin i stair na hEorpa nuair a bhí cúrsaí corraitheach tar éis na gCrosáidí. Bhí moladh ar leith ag an bpainéal moltóirí do chumas an údair an léitheoir a shú isteach i gcroí an scéil trí chaint shochreidte a scríobh agus leas a bhaint as saibhreas teanga. Bronnadh duais liteartha ar 'An Cléireach' cheana ag Oireachtas na Gaeilge 2007. Bronnadh Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga) ar na foilsitheoirí Móinín atá lonnaithe i mBaile Uí Bheacháin don leabhar ildaite do pháistí, 'An Phleist Mhór' le Ré Ó Laighléis agus Susan Edwards. Scéal atá ann faoi bheirt pháistí ar lá fliuch. Bhí ardmholadh ag an bpainéal moltóirí don úsáid a bhaintear as friotal spleodrach onamataipéach sa leabhar seo ó Mhóinín. Is í Emily Colenso a rinne an dearadh ar an leabhar agus cuireann an ghné sin go mór leis an téacs samhailteach chun beocht a chur sna híomhánna, sna fuaimeanna agus i gcéaparáil na leanaí. Bhronn Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, an gradam 'An Peann faoi Bhláth' ar Ré Ó Laighléis sa bhliain 1998 mar aitheantas ar a mhórshaothair ar son na litríochta. Má tá tú ag iarraidh agallamh a shocrú is féidir teagmháil a dhéanamh le Laura Ní Cheallaigh ó Stillwater PR. Laura Ní Cheallaigh laura@stillwater.ie |
Recognition was given to the high standard of Irish language publications last weekend when the winners of the' Leabhar na Bliana' (Book of the Year awards) were announced at Oireachtas na Samhna which was held this year in the Rochestown Park Hotel in Cork. Irish language publishers from across the country were invited to nominate books for the 2 major awards, Gradam Uí Shúilleabháin (Book of the year for the adult reader) and Gradam Réics Carlo ( Book of the year for young people). Competition was strong amongst the 7 books which were shortlisted for the 2 awards which have a total prize fund of EUR25,000. Gradam Uí Shúilleabháin was awarded to the publishers Leabhar Breac for the novel 'An Cléireach' which was written by Darach Ó Scolaí from Indreabhán in County Galway. The book gives an account of the life of an officer in the Irish Army during the reign of Oliver Cromwell and provides the reader with an insight into the troubled period of European History after the crusades. The adjudicators praised the ability of Ó Scolaí in transporting readers to the heart of the story using easily believable and rich Irish. An Cléireach won another literary prize at Oireachtas na Samhna, 2007. Gradam Réics Carló was awarded to Móinín Publications who are based in Loch Reasca County Clare for the illustrated book for children 'An Phleist Mhór' which was written by Ré Ó Laighléis and Susan Edwards. This book tells the story of 2 children and their adventures on a wet rainy day. The judging panel praised the use of exciting language and onomatopoeia. Emily Colenso illustrated the book and her work adds to the imaginative text and instils life in the images, sounds and capers of the children. President Mary McAleese previously awarded the 'An Peann faoi Bhláth' prize to Ré Ó Laighléis in 1998 for his achievements in Irish language literature. If you wish to arrange an interview about the award ceremony contact Laura Ní Cheallaigh in Stillwater PR by emailing her at laura@stillwater.ie |
Filleadh Aifric! |
Aifric Returns home! |
Seoladh cláir nua sa tsraith aitheanta AIFRIC Oiche Shamhna in amharclann an KINO, i gCorcaigh. Beidh na cláir nua le feiceáil ar TG4 gach Máirt ag 5:00i.n. ag tosú Dé Máirt 4 Samhain. Breis eolais le fáil ag: www.aifric.tv nó ó Linda Ní Ghríofa ag 087-9172864. |
New programmes in the renowned series, Aifric, were launched this Halloween in the Kino cinema in Cork. The new programmes will be broadcast on TG4 every Tuesday at 5p.m. starting from today, 4th November. Produced by Telegael and directed by Paul Mercier, the series follows the story of Aifric as she struggles with the problems of teenage life - falling in love, falling out with her parents, the stress of school, ties of friendship and finding social recognition. Aifric is older in these new programmes, having just turned 17 and is on the threshold of a new life. The new programmes deal with further themes such as cyberspace, body image, reality television and with Traolach, Aifric's brother when he falls in love for the first time. Aifric is one of the most popular programmes on TG4 since it was first broadcast in 2006 with over 72% of the population having seen it. Aifric won an IFTA award for Best Programme for Young People two years in a row in 2007 and 2008 and it won recognition also for Best young people's programme at the Celtic Media Festival. International interest has been expressed in the programme and it has also been bought by the new Scottish Gaelic television service BBC ALBA where it is currently broadcast. Further information about Aifric is available on www.aifric.tv or from Linda Ní Ghríofa on 087-9172864. |
Bréagchúirt 08: Ag cur agus ag cúiteamh an chlúmhillte |
Bréagchúirt 08: Defamation under discussion |
Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2008 le Gael Linn ar siúl i mbliana ar an Aoine, 7 Samhain 2008. Eagraíonn Gael Linn an comórtas seo in omós Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. |
Bréagchúirt Uí Dhálaigh which is organised by Gael Linn will take place this year on Friday 7th November 2008. This competition is organised by the Irish language organisation in honor of the Former President of the high Court and Chief Justice Cearbhall ó Dálaigh. |
2 leabhar nua foilsithe ag Cois Life |
2 new books published by Cois Life |
Iriseoirí Pinn na Gaeilge- an cholúnacht liteartha: critic iriseoireachta agus Tá dhá leabhar nua foilsithe ag na foilsitheoirí Cois Life le déanaí agus aimsir na Nollag ag druidim linn. Tá siad dírithe ar dhá mhargadh faoi leith agus is léir go mbeidh an-tóir ar na leabhair seo i mbliana. Ní hé amháin go mbeidh Filíocht Ghrá na Gaeilge oiriúnach mar bhronntanas dóibh siúd a bhfuil spéis acu san fhilíocht ach beidh an díolaim filíochta seo an-áisiúil mar uirlis dóibh siúd atá ag iarraidh a ngrágheal a mhealladh trí Ghaeilge, mar a rinne an phearsa Big sa Scannán Sex and the City lena litreacha grá! Tá rogha leathan filíochta roghnaithe ag an eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh sa duanaire a tuagann léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath. Ar an taobh eile de beidh spéis ag mic léinn ollscoile, ag daoine atá ag obair sna meáin agus ag an lucht acadúil sa leabhar nua atá scríofa ag Regina Uí Chollatáin. Forbhreathnú criticiúil coincheapúil iltoiseach ar phrós-iriseoireacht an fichiú haois atá sa leabhar iriseoirí Pinn na Gaeilge-an Cholúnacht Liteartha;critic iriseoirachta. Cuirtear an cholúnacht i gcomhthéacs theoiric agus scríbhinní an tsaothair. |
Iriseoirí Pinn na Gaeilge-an cholúnacht liteartha; critic iriseoireachta and Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish |
Oireachtas na Samhna 08: deich míle duine ag léim thart! |
Oireachtas na Samhna 2008- Ten thousand ‘Jump Around’ |
Thug os cionn deich mile duine aghaidh ar chathair na reibiliúnach, Cathair Chorcaí, le sult a bhaint as Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl idir an 27 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain 2008. Tá an tOireachtas ag dul ó neart go neart le 111 bliain anuas agus bhí níos mó iomaitheoirí istigh ar na comórtais i mbliana ná mar a bhí riamh cheana. Bhí réimse leathan comórtas ann sna healaíona, do dhaoine fásta agus do dhaoine óga sa damhsa ar an sean-nós, san amhránaíocht agus sa scéalaíocht. Ba é an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós, Corn Uí Riada, buaic chlár comórtas an Oireachtais. Bhí iar-bhuaiteoirí chomh maith le hiomaitheoirí nua in iomaíocht lena chéile i stíleanna éagsúla na réigiún d'fhonn an corn agus an clú a théann leis a bhuachan. Ba é Ciarán Ó Con Cheanainn ón Spidéal i gcontae na Gaillimhe a bhuaigh an comórtas agus ba ghéar an iomaíocht a bhí ann idir Máire Ní Chéileachair ó Chorcaigh a chríochnaigh sa dara háit agus Stiofán Ó Cualáin ó Leitir Mealláin a chríochnaigh sa tríú háit. Don dream óg a bhí i láthair bhí amhrán eile comhaimseartha á canadh acu ag club na féile nuair a thug an fuireseoir aitheanta Des Bishop cuairt ar an gclub. Bhí an club dubh le daoine agus iad ag 'léim thart' agus ag rince 'ballaí Luimnigh' agus 'ionsaí na hInse' oíche Shathairn san Óstán Rochestown Park. 'Sa bhliain 2005 a bhí an tOireachtas i gCorcaigh go deireadh agus d'éirigh chomh maith sin leis go bhfuil sé ina ábhar cainte fós ag muintir na háite agus ag an gcuairteoir chomh maith,''a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. Is léir gurb amhlaidh an cás i mbliana agus beidh muintir na Gaeilge ag glaoch ar gach óstán i Leitir Ceannain, Contae Dhún na nGall an tseachtain seo lena seomraí a chur in áirithe, áit a mbeidh an chéad Oireachtas na Samhna á reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair, 2009.
|
Over ten thousand people visited the rebel city in Cork to attend the events of Oireachtas na Samhna which took place between 27 October and 2 November 2008. The Oireachtas has gone from strength to strength over the last 111 years and more competitors entered this years competitions than ever before. A wide range of competitions took place in the arts for both young and old in sean-nós dancing, singing and storytelling. Corn Uí Riada, the sean-nós singing competition was the highlight of the Oireachtas programme. Former winners as well as new competitors took part showcasing different styles from the regions in order to win the cup and recognition that goes with it. Ciaran Ó Con Cheanainn from An Spidéal in County Galway won the competition and there was strong competition between Máire Ní Chéileachair from Cork who finished in second place and Stiofán Ó Cualáin from Leitir Mealláin who finished in third place. For the younger people who were in attendance it was a slightly more contemporary song which was on their lips when the famous comedian Des Bishop visited Club na Féile. The Club was packed with people as they 'jumped around' and danced to the 'Walls of Limerick' and the 'Siege of Ennis' on Saturday night in the Rochestown Park Hotel. '2005 was the last year that the Oireachtas came to Cork and it was such a success that it still spoken of by local people and the visitors as well' stated Liam Ó Maoladha, the Director of Oireachtas na Gaeilge. It's clear that this will be said of this years Oireachtas as well as Irish speakers start ringing every hotel in Letterkenny, Co. Donegal this week in an effort to pre-book their rooms for next years Oireachtas which will take place in the town next October. Further information available from www.antoireachtas.ie |
6 Scríbhneoir Roghnaithe do SÍOL |
Six writers chosen for SÍOL |
Tar éis réimhse leathan scripteanna a fháil ó cheann ceann na tíre tá seisear scríbhneoirí anois roghnaithe le SÍOL nua a chuir le Drámaíocht na teilifíse Gaeilge. Tuilleadh Eolais le fáil ar http://www.siol.ie agus ó Christine Ní Chonchubhair, Gréasán na Meán 091-558400 |
Six writers have been chosen for SÍOL - a new initiative aimed at assisting budding writers in Irish Language TV Drama writing.
|
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2008-11-08 go 2008-12-29 Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh 2009 , Árus na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2008-11-05 go 2008-12-17 Club Léitheoireachta Gaeilge , An Lárleabharlann, Lárionad ILAC, Sráid Anraí, Baile Átha Cliath 1, [[Ar lean] / [More]] |
2008-11-07 go 2008-11-21 Féile na Mí, Ionad éagsúla i gContae na Mí, [[Ar lean] / [More]] |
2008-11-14 go 2008-11-15 Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. , Óstán Bettystown Court, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí, www.gaelscoileanna.ie [[Ar lean] / [More]] |
2008-11-16 Aonach cártaí Gaeilge á reáchtáil ag Pobal Chluain Tarbh , Áras Phobail San Gabrial, Bóthar san Gabrial, Cnocán Doirinne, Baile Átha Cliath 3, [[Ar lean] / [More]] |
2008-11-18 BEWLEY, Amharclann Bewley’s, Sráid Grafton, [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2008-11-06 go 2008-11-10 Féile Traidisiúnta Inis , Inis, Co. an Chláir, [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2008-11-07 An drama nua 'Caos' ar stáitse i mBéal Feirste , Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
pub grub table for two (three/four) Is maith an t-anlann an t-ocras Bíonn blas ar an mbeagán Is in ithe na putóige atá an cruthú Capall na hoibre an bia Ola an chroí an t-im Nuair a bhíonn an cupán lán is ea is giorra dó é a dhoirteadh |
Sall Chugatsa; Peadar Ó Brádaigh, Shannonside/Northern Sound FM |
Sall Chugatsa; Peadar Ó Brádaigh, Shannonside/Northern Sound FM |
1. Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? 2. Inis dom faoi do chlár raidió! Cathain a bhíonn sé ar siúl? Ba bhreá liom Liam Ó Maolmhichíl, iar-Rúnaí leis an gCumann Lúthchleas Gael a chur faoi agallamh; is as contae Longfoirt ó dhúchas é mar sin bheadh spéis agamsa agus ag an lucht éisteachta ann, dár ndóigh bheadh sé in ann scéal nó dhó a insint dúinn! 4 Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár agat?
6.. Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta? |
1. What is you name, where are you from and who are you broadcasting with? I really enjoyed the interview I did with Tomas Donncha from Ráth Chairn in the Meath Gaeltacht a while ago He is a very entertaining speaker and is intelligent and easy to understand. 6. What is your greatest inspiration ? |
Conradh sínithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann le UPC |
BCI Signs contract with UPC |
Shínigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) conradh le UPC Communications Ireland Limited (UPC) ag ceadú cainéil teilifíse ina dtarraingeofar aird ar tháirgí agus ar sheirbhísí atá á dtairiscint ag UPC dá chustaiméirí reatha. [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today (October 6th) signed a contract with UPC Communications Ireland Limited (UPC) for the provision of a channel to promote products and services offered by UPC to its existing customers. [More] |
Ar scáth a chéile- Tionscnamh Raidió Pobail trasteorann |
Cross-Border Radio Initiative |
Chuir an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, fáilte an mhí seo caite roimh thionscnamh raidió pobail trasteorann atá á mhaoiniú ag an nGníomhaireacht Ultach-Albanach. |
Éamon Ó Cuív TD, the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, last month welcomed a cross-border community radio initiative funded by the Ulster Scots Agency. |
Cúrsaí reatha 'faoi chaibidil' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta |
New Current Affairs Show ‘Faoi Chaibidil’ on RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Tá tús curtha le clár nua cúrsaí reatha agus polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is í an t-iriseoir agus an craoltóir Áine Ní Chiaráin a chuireann an clár nua, Faoi Chaibidil, i láthair gach Domhnach ag 1.10i.n. [Ar Lean] |
A new current affairs and politics show has been launched on RTÉ Raidió na Gaeltachta which is presented by the journalist and broadcaster Áine Ní Chiaráin which is broadacast every Sunday at 1.10p.m. [More] |
Éiríonn Channel 4 as lainseáil raidió |
Channel 4 abandons radio launch |
Ón Irish Times Tá bearta Channel 4 dul isteach ar an margadh tráchtála raidió curtha ar ceal de réir mar a dhéanann sé iarracht déileáil leis an gcúlú eacnamaíochta agus an tionchar dá bharr ar ioncaim fógraíochta. [Ar Lean] |
From The Irish Times [More] |
Drochthionchar ciorraithe RTÉ ar sheirbhís dhigiteach nua |
RTÉ cutbacks hit new digital service |
|
Ciallaíonn ciorruithe i mbuiséad RTÉ nach mbeidh an tseirbhís dhigiteach raidió atá le seoladh an mhí seo chugainn ar fáil ar bhonn náisiúnta anois. [Ar Lean] |
From the Sunday Tribune [More] |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com