| Eagrán / Edition 16 - 12 08 2008 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Fás leanúnach ar chúrsaí Gaeilge ag an triú Leibhéal |
Sustained Growth in Irish courses at Third Level |
Agus torthaí na hArdteistiméarachta agus cúrsaí tríú leibhéal go mór i mbéal an phobail an mhí seo ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar líon na gcúrsaí nua Gaeilge a bheidh ar siúl in Ollscoileanna agus institiúidí oideachais fud fad na tíre. Ba bhocht an rogha a bhí ag an mac léinn le Gaeilge deich mbliana ó shin fiú nuair a bhí an dealramh ar an scéal nach raibh ann ach cinneadh a dhéanamh idir múinteoireacht nó Baitsiléir Ealaíon ar an Ollscoil. Anois tá cúrsaí athraithe ón mbonn agus tá rogha leathan ag mic léinn na linne seo. Níl an rogha sin teoranta d’Ollscoileanna amháin is léir. Tá na hInstitiúidí Oideachais eile ag fogairt cúrsaí Gaeilge, ceann acu oiriúnach do mhic léinn ón nGaeltacht ach ag an am céanna oscailte do mhic léinn eile a bheadh ag iarraidh cáilíocht fheidhmeach ghairmiúil a ghnóthú trí Ghaeilge. Fógraíodh an tseachtain seo caite mar shampla go bhfuil tacaíocht láidir tugtha ag an Roinn Gnóthaí Pobail,Tuaithe agus Gaeltachta do chursaí le tosú an Fomhár seo in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillmhe-Maigh Eo. Tá an BA sa Ghnó agus Cumarsáid ar siúl ann ó 1999 agus tá 121 mac léinn - cuid mhaith acu sin ón nGaeltacht - tar éis páirt a ghlacadh ann ó shin. Tá Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann i ndiaidh aitheantas a thabhairt do chlár nua céime a bheidh á reáchtáil trí Ghaeilge - BA sa Riarachán Gnó . Sheol Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) an cúrsa seo níos luaithe i mbliana. Beidh an cúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair ó Mheán Fómhair 2008 amach. Ach níl na cúrsaí go léir bunaithe sa Ghaeltacht. Bíonn éileamh i gconaí ar chúrsaí in istitiúidí eile cosúil le Coláiste na hOllscoile Corcaigh ina bhfuil cúsaí BA sa Tráchtáil agus Gnó agus BCL Dlí agus Gaeilge ar siúl agus a bhfúil tóir mhór orthu bliain i ndiaidh bliana. |
As the Leaving Certificate results and third level places become the focal point of the next few weeks, the number of new Irish language courses taking place in Universities and Institutes of Education across the country can not be overlooked. The Irish speaking student had little choice when it came to Irish courses even ten years ago when it seemed that the only decision that was to be made was to choose between teaching or the Batchelor of Arts in University. Now the situation has entirely changed with students welcome to choose between a wide range of courses. These courses are not limited to University Education either. Other educational institutions are now advertising Irish courses, some of which are highly suitable for applicants from the Gaeltacht but which are at the same time open to other students who would like to obtain a professional applied qualification through Irish. The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs last week for example gave strong support to a course commencing this Autumn in Galway-Mayo Institute of Technology. The BA in Business and Communications (Gaeilge) has been running since 1999 and since then 121 students, a large percentage of them from the Gaeltacht have completed the course. The Teaching Council of Ireland have recognised a new Irish language Degree Course. The Course which was launched earlier this year by the National University of Ireland, Galway and Letterkenny Institute of Technology (LYIT) will take place in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair from October 2008. According to Pádraig Ó hAoláin, the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta courses such as these are of great importance to the locality . ‘Initiatives such as this degree course will enable Gaeltacht people to better equip themselves to face these new challenges, and to not only attract higher level industries but also to set up in business themselves.' Not all these courses are based in the Gaeltacht. Demand for courses such as those offered by University College Cork is always high, where the University runs a BA course in Commerce and Irish as well as a BCL Degree in Law and Irish which are always sought after year after year. In the capital Fiontar DCU offers a range of challenging courses with a BA in Business and Irish and in Journalism on offer. This is just a taste of the courses on offer but if you want further information contact Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Galway on 091 524 411. Fiontar DCU on 01 700 5614 and the Department of Modern Irish in University College Cork on 021 490 2607. |
Fleadh na hÉireann: An Fheadóg, an Fhidil agus Cúpla Focal! |
Fleadh na hÉireann: The Flute, the Fiddle and a bit of Irish! |
Is maith is eol dúinn go bhfuil na cluichí oilimpeacha faoi lán seoil san Áise faoi láthair ach tá eagraithe Fhleadh Cheoil na hÉireann ag ullmhú anois dá dtogra ollmhór féin! Tá an Fhleadh ag filleadh ar ais ar an Tullach Mhór i mbliana arís ó d’éirigh léi go barr bata anuraidh. Reáchtálfar an Fhleadh idir an 17 agus 24 Lúnasa 2008 agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh sí níos briomhaire agus níos fearr ná riamh! |
We all know that the Olympics are well underway in Asia at the moment but the organisers of Fleadh Cheoil na hÉireann are now preparing for their own olympic project! The Fleadh returns again to Tullamore this year following its phenomenal success last year. The Fleadh will take place between the 17th August 2008 and 24th August 2008 and is shaping up to be an even bigger and better event then 2007. |
Daoine Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge |
Young People seek Irish language Services |
Níor fhreagair ach 2% de na daoine óga a ghlac páirt i gceardlanna cumasúcháin Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite go bhfógraíonn ranna agus comhlachtaí poiblí na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil acu minic a ndóthain. Dúirt 81% go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo tar éis páirt a ghlacadh i gceardlanna an Chonartha. Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an bhfeachtas Glac Leis i mí Iúil le cinnirí na gcoláistí samhraidh i Leitir Mór, Leitir Mealláin, Ros a’Mhíl agus Sligeach a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus chun a chur ina luí orthu go bhfuil tacaíocht ann dóibh leis na seirbhísí sin a éileamh. Tá an tAcht i bhfeidhm le cúig bliana anuas ach tá an baol ann i gconaí nach bhfuil daoine ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh anois. Sonraítear na seirbhísí sin sa scéim teanga a mbíonn ar gach comhlacht poiblí agus roinn stáit a ullmhú. Níl scéim teanga ag gach comhlacht poiblí fós, áfach, ach tá ceann faoi láthair ag na comhlachtaí is mó a bhíonn i dteagmháil le cainteoirí Gaeilge mar shampla Ranna Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais triú leibhéal, Bord Soláthar an Leictreachais, An Bord um Chúnamh Dlithiúil. Is clár oibre trí bliana í an scéim agus go dtí seo tá 82 scéim trí bliana a chlúdaíonn 146 comhlacht poiblí i bhfeidhm. Beidh Julian de Spáinn agus Síne Nic an Ailí ó Chonradh na Gaeilge sásta agallaimh a thabhairt agus tuilleadh eolais a chur ar fáil mar gheall ar an bhfeachtas nua ‘Glac Leis’. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag 01 4757401 nó ag glacleis@cnag.ie |
Only 2% of the young people surveyed as part of Conradh na Gaeilge’s educational workshops last month believe public bodies and departments advertise the services they provide in Irish enough. 81% also said that after participating in the Conradh’s workshops, they would sometimes, often, very often or always request services through Irish in future. Conradh na Gaeilge launched their Glac Leis campaign last month by telling cinnirí, or prefects, from Irish colleges in Leitir Mór, Leitir Mealláin, Ros a’Mhíl and Sligo about the services they are entitled to receive through Irish from public bodies under the Official Languages Act of 2003, while also highlighting the support that is available to them in looking for these services. Julian de Spáinn and Síne Nic an Ailí from Conradh na Gaeilge will be happy to be interviewed and provide further information on the new ‘Glac Leis’ campaign. They can be contacted on 01 4757401 or glacleis@cnag.ie |
Leagan Clóite á lorg ag an iris Nós Mag |
Online Magazine Nós* Mag seeks Print Edition |
Tá feachtas tosaithe ag an iris stíl bheatha Ghaeilge, nós*, chun leagan clóite a fhoilsiú. Seoladh an iris ar líne i Márta 2008 agus ó shin i leith tá an t-ábhar comhaimseartha, agus an dearadh an-tarraingteach, tar éis dul i bhfeidhm go mór ar chainteoirí Gaeilge agus Béarla araon. Anois, agus ceithre heagrán d'ardchaighdeán foilsithe acu, tá foireann Is féidir síntiús don leagan clóite a cheannach anois ag www.nosmag.com, nó le seic, agus a luaithe is a bhaintear 300 síntiúsóir amach, cuirfear an chéad eagrán eile i gcló. 'Is togra deonach é nós* mar sin tá cabhair ónár bpobal léitheoireachta ag teastáil chun an fhorbairt shuntasach seo a chur i gcrích agus chun an iris a chur ar fáil do shaol na Gaeilge,' arsa Félim Borland, urlabhraí nós*. Sábhálfaidh síntiúsóirí airgead ar phraghas clúdaigh na hirise, a sheolfar díreach chucu sa phost gach mí. Beidh nós* go fóill le léamh saor in aisce ar shuíomh idirlín na hirise. |
Nós Mag, the online Irish language lifestyle magazine has commenced a new campaign to publish a print edition. The magazine which was launched online in March 2008 has won both Irish and English speaking readers over with its focus on topical issues and an attractive lay out and design. Now with four editions published online, the nos* team are aiming to publish a print edition and are calling on Irish speakers to help them to achieve this. A subscription for the print version can be purchased online at www.nosmag.com or by checque and as soon as 300 subscribers are found then the first edition will be put in print. ‘Nós* is a voluntary project and so help is needed from the readers to help the developemnt of this great project and to provide a magazine for all those who speak Irish’ said Félim Borland spokesperson of nós*. Subscribers will save money on the cover price of the magazine which will be sent to them in the post every month. Nós* will still be available for free download on the website |
Puball Gaelach ag Electric Picnic |
Irish Tent at Electric Picnic! |
Ó Lá Nua D'iarr eagraithe na Picnice Leictreonaí ar Rossa Ó Snodaigh ó Kíla an puball a eagrú tar éis don chraoltóir, Manchán Magan, an smaoineamh a mholadh dóibh. [Ar lean] |
From Lá Nua An Irish culture and language tent will hold various fun and entertaining cultural events at Electric Picnic this year. The renowned musician Rossa Ó Snodaigh is organising the Puball Gaelach which will be at the Festival in Stradbally Co. Laois between the 29 and 31 August. Celebrities such as Des Bishop and Hector Ó hEochagáin will take part in the various events which will take place such as comedy, singing, speed-dating and GAA Karaoke amongst other things! The organisers of the Electric Picnic asked Ross Ó Snodaigh from Kíla to organise the tent after the broadcaster Manchán Magan first recommended the idea. Raidió na Life and Rónán Mac Aodh Bhuí from Raidió na Gaeltachta will also be attendance at the tent. [More] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Laighean |
2008-09-01 Cór Duibhlinne : Cór comhpháirte ban, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2008-08-16 go 2008-08-23 Daonscoil na Mumhan, Rinn ó gCuanach, Co. Port Láirge, [[Ar lean] / [More]] |
2008-08-17 go 2008-08-23 Scoil Samhraidh Mherriman 2008, Inis Co. An Chláir, [[Ar lean] / [More]] |
2008-08-22 Gaeltacht Anois, ach Bás nó Beatha?, Óstán Lálor, Dún Garbhán., [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Cúrsaí Spóirt agus peaca orainn neamhaird a thabhairt ar Chraobh na hÉireann atá i mbarr a réime faoi láthair! Seo Cúpla focal a bheadh áisiúil do ghiota mar gheall ar an gCraobh nó mar gheall ar spórt i gcoitinne. It would be a crime to ignore the All ireland championship as it is is in full swing now! Here’s a few words that may be useful for a piece about the championship or sport generally.
Craobh sinsir Cúl Beidh air an teaspach a chur de anois tar éis na híde béil a fuair sé ón réiteoir: Troid a dhéanamh go bun an angair:
|
Tristan Rosenstock |
Tristan Rosenstock |
Sa mhir seo labhraítear le léiritheoirí nó stiúrthóirí a chuir isteach ar an scéim maoinithe Fuaim agus Fís. Inis dom faoi do thaithí chraoltóireachta! Fuair mé maoiniú faoin scéim Fís agus Fuaim chun sraith trí chlár a dhéanamh mar gheall ar na healaíona béil. Déantar plé ar agallaimh bheirte, ar an scéalaíocht, ar lúibíní agus ar amhráin saothair sa tsraith Béalealaín. Theastaigh uaim lucht éisteachta Raidió na Life a mhealladh i dtreo na n-ealaíon traidisiúnta seo nach bhfuil go mór i mbéal an phobail. Bhí mé den tuairim go bhfeilfeadh sraith raidió do na healaíona béil toisc gur ar an bhfocal féin atá an bhéim, d'fhéadfaí a rá. Taitníonn na foirmeacha go léir a bhaineann leis na healaíona béil go mór liom agus cheap mé gurbh fhiú go mór sraith a léiriú a thaispeánfadh cé chomh taitneamhach is atá siad. Craoladh an tsraith ar Raidió na Life, 106.4FM. Táim tar éis a bheith gníomhach ann le cupla bliain anuas agus taitníonn fís agus fuaim an stáisiúin go mór liom. Bíonn. Cuirim clár seachtainiúil i láthair, agus táim ar an gCoiste chomh maith. Is é seo an chéad uair dom cur isteach ar an scéim agus is cinnte go gcuirfidh mé go leor iarratas isteach amach anseo. Ní dhéanfaí go leor clár a dhéanann ceiliúradh ar ár n-oidhreacht murach í. Is iontach an scéim í! An bhfuil aon mholtaí agat do léiritheoirí eile a bheadh ag cur iarratais isteach ar an scéim? |
In this section we speak to producers and directors who have made an application under the Sound and Vision funding scheme. What's your name? Tell me about your broadcasting experience! Why did you concentrate on that topic? What station was your series broadcast on? Why did you pick that station? Do you ordinarily work on that station? What do think of the Sound and Vision Scheme? Is this the first time that you applied for funding? Yeah, this is the first time I applied and I definitley will apply again in the future. Programmes celebrating our heritage wouldn't be made but for it. It's a great scheme! Make sure that the subject of the programme is suitable for the medium you have chosen. Read the guidelines on the Commission website. You can have a wonderful idea but if you don't follow the guidelines you don't stand a chance! Not only that but the guidelines also make you think! |
Jessica de Búrca, Today FM agus FM 104 |
Jessica de Búrca, Today FM and FM104 |
Gach mí iarraimid ar chraoltóir le Gaeilge cúpla ceist a fhreagairt mar gheall ar a dtaithí chraoltóireachta.
Jessica de Búrca is ainm dom agus táim ag craoladh trí mheán na Gaeilge ó thosaigh mé ar an tslí bheatha seo. Is as Baile Átha Cliath mé ó dhúchas, ach tá cónaí orm anois i gContae Loch Garman. I 1994/5 fad is a bhí mé ag freastal ar chúrsa Craoltóireachta Raidió i gColáiste Dhún Laoghaire (áit ar bhuail mé le m'fhear céile) thosaigh mé ar thaithí oibre agus obair dheonach i Raidió na Life. Ar feadh tamaillín d'oibrigh mé mar thaighdeoir teilifíse ar chláir theilifíse ar son TG4 agus ag an am céanna bhunaigh m'fhear céile a ghnó féin. Chaith mé tréimhse ag cruthú "earraí macasamhail" idir éadaí, uirlisí troda agus daoine a déanann cur síos ar an saol mar a bhíodh sé i dtréimhsí éagsúla i rith stair na hÉireann, ach sin scéal eile. I mo thuairimse níl mórán difríochta ach go bhfuil faitíos ar dhaoine nach dtuigfidh siad cad atá á rá agat. Tá dualgas ar an láithreoir, go háirithe duine cosúil liom féin, in institiúid a fheidhmíonn trí Bhéarla gan a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine toisc nach bhfuil léibhéal áirithe Gaeilge acu. Fad is atá daoine ag éisteacht leis an teanga fiú mura bhfuil siad ach ag éisteacht ach de bharr taithí a bheith acu ar an stáisiún is mór an rud é sin. Bhí léachtóirí den scoth agam fad is a bhí mé ag freastal ar an gColáiste agus níor thuig mé ag an am cé chomh mór le rá nó suimiúl is a bhí siad. Ba bhreá liom bualadh arís le Eoghan Harris thar phionta agus micreafón agus ceapaim go mbeadh an-chraic againn. Ceapaim go mbeadh an–chraic ann dá mba rud é go raibh Bláithnaid Ní Chofaigh agus Hector Ó hEochagáin ar an gclár céanna. 5. Céard é an clár raidió is fearr leatsa? Tagann ciall le haois nach sin a deirtear ach athraím m-aigne ag brath ar an meon atá agam. Is breá liom a lán comhrá, amhail "Talk Radio" nuair a bhíonn díospóireacht chliste ar súil a mheallann an lucht éisteachta chun éisteacht go géar nó duine le guth deas agus pearsantacht acu ar féidir leo tú a chur ag gáire nó cabhrú leat do scíth a ligean. Caithfidh an láithreoir léiriú go bhfuil suim aige/aici sa duine nó san ábhar atá á phlé agus taitníonn ceol maith liom chomh maith. I ndárire bheinn lánsásta éisteacht le haon rud atá á chraoladh ar TodayFm nó FM104. 6. Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta? Níor thuig mé cé chomh tábhachtach is a bhí an Raidió dom ach le déanaí. Is cuimhin liom bheith ag imirt le seancheirníní mo thuismitheoirí agus a bheith ag ligean orm gur DJ a bhí ionam. Is cuimhin liom Sunshine 101 agus Atlantic 252, thiar sna laethannta nuair a scríobh daoine litreacha agus cártaí poist agus na sceitimíní a bhíodh orthu agus iad ag buachan duaiseanna fíorbheaga nó toisc gur léadh amach a n-ainm ar an raidió. Tá a fhios agam go bhfuil na laethannta sin imithe tharainn agus go bhfuil ré na dtéacsanna ann anois ach ceapaim gur chóir bheith buíoch den éisteoir mar is iadsan atá ag íoc na mbillaí. |
Every month we ask a different Irish Language broadcaster to tell us a little about their experience as a broadcaster 1. Whats is your name and who are you broadcasting with? Jessica de Búrca is my name and I hvae been broadcasting in Irish since I first started out in this profession. I am originally from Dublin but I now live in Wexford. I learned Irish in Scoil Lorcáin and in Coláiste Ioságáin. I am with FM104 for nearly 10 years now and I present a pop music programme live every Sunday between 08.00-10.00. As well as this I also put together the little clips called Creid é nó ná Creid é'' on Today FM and I present programmes for them during the holidays and these are Irish language programmes as well. 2. How long are you broadcasting in Irish? In 1994/5 while I was attending a course in radio broadcasting in Dun Laoghaire College (where I met my husband) I did some work experience and voluntary work with Raidió na Life. For a while I worked as a television researcher on programmes on TG4 and at the same time my husband started his own business. I spent some time also creating 'replica stuff' between clothes, weapons and people who give accounts of life as it was in various periods of Irish history but that is another story. 3. What's the biggest difference in your opinion between broadcasting in Irish and in English? In my opinion there is not much of a difference but people are sometimes afraid that people won't understand what they are saying. Presenters such as myself who work in an institute which operates in English have a responsibility not to belittle others who do not have as good a grasp of the language as we do. As long as people are listening to the language even if they are listening only because they are used to the station, well then that's a great achievement. 4. Who would you most like to interview in Irish? 5. What's your favourite programme? Wisdom comes with age – that's what they say anyway but I change my mind depending on the mood I'm in. I love talk radio when there is an intelligent debate on which entices listeners to really listen to what's being said or someone with a nice voice and personality who can make you laugh or help your relax.The presenter must show that he/she is ineterested in the person they are interviewing or in the topic which is being discussed and I also like to hear good music. To be honest I am very happy to listen to anything broadcast on FM 104 or Today FM I didn't understand how important the Radio was to me until recently. I remember playing my parents old records pretending I was a DJ. I remember Sunshine 101 and Atlantic 252 back in the days when people used to write letters and postcards and the excitement when people won really small prizes or when they got their name read out on the radio. I know that these days are over now and it is the era of texting but I think that we should be grateful to the listener as they pay the bills. Music is part of our lives as are the sounds coming from the box in the corner and it is a great influence on us. |
Cinneadh eisithe ag Comisiún Craolacháin na hÉireann maidir le conarthí DTT Ilphléascaigh |
BCI Issues Decision On DTT Multiplex Contracts |
D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann inniu cinneadh atá déanta aige maidir le bronnadh trí chonradh náisiúnta do theilifís dhigiteach dhomhanda ilphléascaigh (DTT). D’fhógair an Coimisiún na conarthaí sin mí Márta seo caite [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland has today (Monday, July 21st) announced its decision with regard to the award of the three national Digital Terrestrial Television (DTT) multiplex contracts. The contracts were advertised by the Commission on the 7th of March last. |
Guth Aduaidh in Áth Cliath - Raidió Fáilte anois le cloisteáil ar Raidió na Life 106.4fm! |
Northern Voices in Dublin - Raidió Fáilte can now be heard on Raidió na Life 106.4FM! |
Cuireadh tús le clár nua ar Raidió na Life 106.4fm ar an 28 Iúil 2008. Is éard atá in "Guth Aduaidh: Scoth na Seachtaine" ná bailiúchán d'agallaimh agus de phríomhnuacht na seachtaine ó shaol na Gaeilge agus ó mhuintir na Gaeilge i mBéal Feirste agus sa Tuaisceart, bailithe le chéile ag Raidió Fáilte agus curtha i láthair ag an iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill. Ag caint dó ar an togra úr seo dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: 'Is mór an pléisiúr é dúinn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte sa tslí seo. Thángamar le chéile ar na mallaibh le breathnú ar na bealaí ina bhféadfaimis cabhrú lena chéile agus, ní nach ionadh, bhí an dá stáisiún ar aon intinn gurb é ceann de na slite is fearr ar féidir linn comhoibriú lena chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar na haertonnta ná trí chláir a mhalartú lena chéile. Tá tús curtha ag Raidió Fáilte ag craoladh "Scoth na Seachtaine" s'againne - uair an chloig de bhuaicphointí na seachtaine i mBaile Átha Cliath, curtha i láthair ag Dónal Ó Donnabháin, Clár Reachtaire Raidió na Life, agus tá an-áthas ar fhoireann Raidió na Life "Scoth na Seachtaine" ó Raidió Fáilte a bheith ar fáil anois ar 106.4FM gach tráthnóna Luain.'
|
Monday 28th of July saw the start of a new programme on Raidió na Life 106.4Fm Gaoth Aduaidh: Scoth na Seachtaine is a collection of interviews and the main stories of the week from the Irish language world and from Irish language speakers in Belfast and in the North of Ireland which has been compiled by Raidió Fáilte and presented by the renowned journalist Eoghan O Néill. Speaking about the new project Muiris Ó Fiannachta, the Manager of Raidió na Life stated, 'It gives us great pleasure to be co-operating with Raidió Fáilte in this way. We came together recently to examine the ways in which we could help each other and it came as no great surprise that we agreed that best way to promote Irish on the airwaves was to exchange programming with each other. Raidió Fáilte have started to broadcast our ‘Scoth na Seachtaine’ which is a programme which broadcasts the highlights of the week in Dublin and is presented by Dónal ó Donnabháin, programme editor for Raidió na Life and Raidió na Life is delighted to welcome it to the schedule on 106.4FM every Monday afternoon. |
Béalealaín ar Raidió na Life 106.4 FM! |
Béalealaín on Raidió na Life 106.4 FM! |
Déanfar ceiliúradh sa tsraith nua seo ar na healaíona béil. 3 chlár a chraolfar ag 6i.n ón gCéadaoin seo, 23 Iúil amach ar Raidió na Life, 106.4FM. Agallaimh bheirte, amhráin saothair, lúibíní agus ealaíona eile, cíorfar iad go léir sa tsraith chuimsitheach seo agus scrúdófar a luach mar chuid den traidisiún beo. Béalealaín, arna chur i láthair agus arna léiriú ag Tristan Rosenstock, ar Raidió na Life, 106.4FM. Léargas nua ar thraidisiúin ársa! |
Béalealaín is a new series to be broadcast which will explore the oral arts. The series commences at 6 o'clock this Wednesday 23rd July on Raidió na Life. Agallaimh bheirte, amhráin saothair, luibíní and other art from will be examined in this comprehensive series and their value to the oral tradition will be discussed in detail. Béalealaín is produced and presented by Tristan Rosenstock for Raidíó na Life and received funding under the BCI Sound and Vision scheme. A new insight into an ancient tradition. |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com