| Eagrán / Edition 10 - 12 02 2008 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Is é buaiteoir an ghradaim ná... | And the Award goes to..... |
Is léir go bhfuil séasúr na gradam buailte linn arís le searmanas bronnta gradam ar siúl ar an teilifís gach seachtain. Tionóladh na BAFTA's an deireadh seachtaine seo caite, reáchtálfar The Meteor Ireland Music Awards ar an 15 Feabhra agus beidh na Irish Film and Television Awards ar siúl an Domhnach seo chugainn san Amharclann Gaiety i mBaile Átha Cliath. Cuirfidh an fuirseoir Dara Ó Briain na Meteors i láthair agus tá sé geallta ag tionscnóirí na hócáide go mbeidh scoth na gceoltóirí agus réaltaí móra ceoil i láthair agus ag seinm an oíche úd. I measc na ngradam eile bronnfar ceann ar an mbanna ceoil is fearr, an t-amhránaí fireann Éireannach is fearr, an t-amhránaí ban Éireannach is fearr agus ar an albam Éireannach is fearr. Ach níl dearmad déanta ach oiread ar mhórghníomh na gcraoltóirí ach oiread. Bronnfar gradam ar an DJ Raidió is fearr ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn áitiúil. Roghnóidh an pobal i gcoitinne na buaiteoirí agus tá ionadaíocht mhaith ann ó na stáisiúin neamhspleácha, tá Ray Foley, Ray Darcy agus Ian Dempsey agus Tom Dunne ó Today FM ainmnithe don DJ Raidió is fearr ar bhonn náisiúnta. Tá DJ ó Shannonside, Red FM, Beat 102.103, Spin 103FM, FM 104 agus Galway Bay FM ainmnithe don DJ Raidió is fearr ar bhonn áitiúil. Beidh spéis ag lucht na Gaeilge sna Gradaim Theilifíse agus Scannán (IFTA) a bheidh ar siúl ar an Domhnach. Tá cur chuige difriúil ag na IFTA's toisc go roghnaíonn an pobal i coitinne Pearsa na Bliana agus roghnaíonn an tAcadamh buaiteoirí na ngradam eile. I measc na réaltaí móra teilifíse atá ainmnithe do Phearsa teilifíse na bliana, tá Síle Ní Bhraonáin ó TG4. Dúirt Síle "go raibh áthas an domhain orm bheith ainmnithe mar phearsa teilifíse na bliana. Ó thosaigh mé le TG4 tugadh go leor deiseanna domsa mo thaithí chraoltóireachta a leathnú agus bhí gliondar orm nuair a bronnadh mo sheó féin orm sa bhliain 2005, dar teideal Síle, ina bhfuil rogha leathan clár do dhaoine óga" Tá Gaeilgeoirí ainmnithe do na gradaim theilifíse agus scannánaíochta . Ar ndóigh, tá Kings, an scannán dátheangach a bhfuil clú mór bainte amach aige faoin am seo ainmnithe don Ghradam don Scannán is Fearr. Beidh stiúrthóir an scannáin, Tom Collins, ag dul san iomaíocht le Robert Quinn, Stiúrthóir Chré na Cille do ghradam an Stiúrthóra is Fearr. | It's clear that the awards season is now upon is when there is an awards ceremony on the television every week. The BAFTAS were held last weekend, the Meteor Ireland music awards will be held on the 15th of February and the Irish Film and Television Awards will take place next Sunday in the Gaiety Theatre in Dublin. The Meteors will be presented by the comedian, Dara Ó Briain and they say that the best musicians and performers will be in attendance and playing that very night. Amongst the awards that will be given out that night are the best Band, the Best Irish male, Best Irish female and Best Irish album. However they haven't forgotten about the great achievements of broadcasters either. An award will be given to the best national DJ and best local DJ. The general public will pick the winners and the independent stations have represented themselves well with Ray Foley, Ray D'Arcy, Ian Demspey, Tom Dunne nominated for best national DJ. DJ's from Shannonside, Red FM, Beat 102.103, Spin 103FM, FM 104 and Galway Bay FM have been nominated for Best Local DJ. The Irish speaking public will have a particular interest in the Irish Film and Television Awards which take place on Sunday. The IFTAs have a different set up as the general public vote for the television personality of the year and the Academy chooses the winners of the other awards. Amongst the other big TV stars that have been nominated for the Television Personality of the year is Síle Ní Bhraonáin from TG4. Síle stated "I was absolutely delighted to be nominated for Television Personality of the Year. Since starting in TG4 I've been given many opportunities to broaden my presenting experience and I was thrilled to be given my own show called Síle which has a vast and exciting array of programmes for young adults". Irish speakers have also been nominated for television and film awards. Kings, the bilingual film which has earned much acclaim by now has been nominated for Best Film. The director of the film Tom Collins will be up against Robert Quinn, the director of Cré na Cille for the award of Best Director. |
Meabhrúchán: Seimineár Thóstal Na Gaeilge 2008 | Reminder: Tóstal na Gaeilge, 2008 Seminar |
Mar a nochtadh san eagrán deireanach beidh Tóstal na Gaeilge, mór-ócáid na Gaeilge, ar siúl san Óstán Galway Bay ar an 22 agus 23 Feabhra, 2008. Is é seo an deis is mó do phobal na Gaeilge teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar mhórcheisteanna an lae i dtaobh na Gaeilge agus na sochaí Gaelaí. Beidh scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar cheisteanna móra na Gaeilge in atmaisféar oscailte cuimsitheach torthúil. Beidh ócáid eolais ann do phobal na Gaeilge a bheidh ag tarraingt airde ar na deiseanna atá ar fáil le cláir nua Ghaeilge a chruthú don raidió. B'fhiú daoibh freastal ar Thóstal 2008, beidh aoichainteoirí agus lucht freastail ar fáil a bheidh in ann labhairt leis na Meáin. Gan amhras beidh ábhar mhachnaimh ann don chraoltóir agus gach seans go spreagfadh an díospóireacht síolta an chéad scéil nuachta eile a bheidh ann i measc phobal na Gaeilge. Cláraigh Anois- Feicimid ag an Tóstal tú!! | As was revealed in the last edition, Tóstal na Gaeilge, the Irish language event of 2008, will take place in the Galway Bay Hotel on the 22nd and 23rd February, 2008. Tóstal na Gaeilge will be the main Irish language event of 2008, and will give the Irish speaking community an opportunity to gather together and discuss the key issues facing both the Irish language and the Irish language community. On Friday 21st February as part of this event, an informative session for the Irish speaking public will take place, to alert people to the many opportunities which exist to produce Irish language radio programmes. It is well worth attending Tóstal 2008 and there will be plenty of Irish speakers available for interview, both keynote speakers and those in attendance at the event. Of course there will also be plenty of food for thought for broadcasters and there is every chance that the topics discussed at the Tóstal will form the foundation of the next news story concerning the Irish language. Register now - We'll see you at the Tóstal!! |
Suíomh Idirlín nuadheartha seolta ag Coláiste na bhFiann | Newly Designed Website launched by Coláiste na bhFiann |
In Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Luan 11 Feabhra sheol 'Hector' suíomh gréasáin nuadheartha Choláiste na bhFiann. Cuireadh Coláiste na bhFiann ar bun 40 bliain ó shin- an t-eagraí cúrsaí Gaeilge is mó in Éirinn le haidhm amháin - is é sin Gaeilge a mhúineadh do dhaoine óga i dtimpeallacht fháilteach a spreagann dearcadh dearfach i leith na teanga. Ag labhairt faoin suíomh nua dúirt Caitríona Ní Cheallaigh, Priomhfheidhmeannach Choláiste na bhFiann " go gcuireann an suíomh nuadheartha eolas chun dáta ar Choláiste an bhFiann agus a chúrsaí Gaeilge ar fáil- eolas atá éasca rochtain a fháil air, maille le cumas clárú le haghaidh cúrsaí ar líne" Más mian leat labhairt le duine ó Choláiste na bhFiann bheadh Caitríona Ní Cheallaigh sásta labhairt leat mar gheall ar na cúrsaí agus an suíomh idirlín nuadheartha. Is féidir scairt a chur ar 01 2808091 nó R-phost a sheoladh chuig: eolas@colaistenabhfiann.ie
| In Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge on Monday 11th February, 'Hector' launched the newly designed website of Coláiste na bhFiann. Coláiste na bhFiann celebrates 40 years this year and in conjunction with the launch of the website, Coláiste an bhFiann also announced a Celebration Dinner which will take place in Croke Park on the 29th November, this year. Ireland's longest established Irish language course organiser, Coláiste na bhFiann was founded over 40 years ago with one aim - to teach young people to speak Irish in a welcoming environment that encourages a positive attitude towards the language. Speaking at the event, Caitríona Ní Cheallaigh, CEO, Coláiste na bhFiann, stated that the new look website will "further promote the excellent ethos of Coláiste na bhFiann as the largest Irish language youth service for young people, providing them with fluency and confidence in speaking the language, as well as an opportunity to appreciate our native language and to interact with like-minded people" If you wish to speak to someone from Coláiste na bFiann ,Caitríona Ní Cheallaigh would be happy to speak about Coláiste na bhFiann?s courses and the new look website. Phone: 01 2808091 or email eolas@colaistenabhfiann.ie |
'Íomhá 2008' Comórtas grianghrafadóireachta náisiúnta seolta ag Oifig na Gaeilge, DIT | Íomhá 08- National Photography Competition launched by Oifig na Gaeilge, DIT |
Tá Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ag eagrú Comórtas Náisiúnta Grianghrafadóireachta ' Íomhá ?08'. Tá an comórtas bunaithe ar an téama 'An Ghaeilge Bheo' Tá an comórtas á eagrú i gcomhar le rannóg ghrianghrafadóireachta na hInstitiúide agus mar pháirt d?fhéile Sheachtain na Gaeilge 2008. Is é an aidhm atá ag an gcomórtas ná léargas a thabhairt ar thuairimí an phobail i leith na teanga; go bhfuil sí beo, bríomhar agus nua-aimseartha. Toisc go mbeidh an bhéim ar na híomhánna seachas ar scileanna teanga na n-iomaitheoirí, táthar ag súil go meallfaidh an comórtas idir Ghaeilgeoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge le dul i ngleic leis an teanga agus le bheith páirteach in imeacht Ghaeilge. Tá an comórtas oscailte do chách agus níl aon táille iontrála i gceist leis, ní gá ach an íomhá a sheoladh ar ríomhphost nó sa phost roimh an 30 Márta go iomha08@gmail.com nó Oifig na Gaeilge, DIT, 143-149 Bóthar Ráth Maonais Íochtarach, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an gcomórtas ar fáil anseo nó ar http://www.dit.ie/gaeilge. | Oifig na Gaeilge, Dublin Institute of Technology are organising a National photography competition called ' Íomhá 08' (the Image of 2008). The competition is based on the theme "An Ghaeilge Bheo [Irish the living language]. This competition is organised in conjunction with the photography department of the Institute as part of Seachtain an Gaeilge 2008. The competition aims to provide an insight into the public?s perception of the language, that it is dynamic, alive and contemporary. As the emphasis will be on the images people produce, the competition aims to encourage fluent Irish speakers and people without any Irish to engage with the language and to participate in an Irish language event. There are attractive prizes on offer for the winner. He or She will be awarded Eur1,500 and a Holiday in the Gaeltacht with Gael Saoire. Camera Equipment will be offered for second and third place. This competition is open to everyone and there is no entry fee, all you have to do is send the image by email or post before 30th March to iomha08@gmail.com or to Oifig na Gaeilge, DIT, 143-149 Bóthar Ráth Maonais Íochtarach, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6. Further information available here nó ar http://www.dit.ie/gaeilge. |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2008-02-22 go 2008-02-23 Tóstal na Gaeilge 2008-Fíorú na Físe, Ostán an Galway Bay, Gaillimh, http://www.tostal.ie/ [[Ar lean] / [More]] |
2008-03-01 Seisiúin Oscailte le Dusty Banjos sa Chlub, Club Árus na nGael, 45 Sráid Dominic, Gaillimh, [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2008-02-14 Ceardlann amhranaíochta le Róisín Uí Chuill, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , http://http//www.anbealbinn.com [[Ar lean] / [More]] |
2008-02-19 Bewleys@6, Bewleys, Sráid Grafton, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2008-02-21 Ceardlann Amhranaíochta i gClub an Bhéil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , htttp://wwww.anbealbinn.com [[Ar lean] / [More]] |
2008-02-28 Abair Amhráin i gClub an Bhéil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , http://http//www.anbealbinn.com [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2008-02-16 Páráid Céiliúrtha ar son na Gaeilge agus na héagsúlachta, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
2008-02-20 Seisiún Ceisteanna agus Freagraí á reáchtáil ag Roinn an Chultúir, Sinn Féin, Ollscoil na Ríona Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Seo ábhar machnaimh do mhí Feabhra - some ideas for February Beidh Lá Fhéile Vailintín ann ar an 14 Feabhra Tá grá san aer - Love is in the air Níl leigheas ar an ngrá ach an pósadh - |
Rónán Mac Aodha Bhuí | Rónán Mac Aodha Bhuí |
Cad is ainm duitse agus cárb as tú agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? Cé chomh fada is atá tú ag craoladh i nGaeilge? Céard é an difríocht is mó, dar leat, idir craoladh i nGaeilge agus i mBéarla? Cé hé nó hí an t-aoi is mó a bhfuil fonn ort agallamh a chur air nó uirthi i nGaeilge? Céard é an clár raidió is fearr leatsa? Tá barraíocht clár a bhfuil dúil agam iontu agus mar sin ní féidir liom clár amháin a lua. Is maith liom Barrscéalta, Adhmhaidin, Spleodar Ceoil, An Taobh Tuathail agus cuid mhór de chraoladh RnaG, agus is maith liom clár Dhonal Dineen ar Today FM.
Go bhfuil pobal éisteachta an náisiúin Ghaelaigh, sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht, agus ar fud na cruinne, ag éisteacht anois is arís. Ba mhaith liom go mbeimis ag spreagadh na gGael céanna chun a bheith i dteagmháil agus páirteach linn sa chlár. Cuireann Rónán Mac Aodha Bhuí an clár 'Géill Slí' i láthair ar Anocht FM ar Raidió na Gaeltachta. | What's your name, where are you from and who are you broadcasting with? How long are you broadcasting in Irish? What is the biggest difference, do you think, between broadcasting in Irish and in English? Who is the guest you would most like to interview in Irish? What is your favourite radio programme? I like too many programmes just to single out one in particular. I like Barrscéalta, Adhmhaidin, Spleodar Ceoil, An Taobh Tuathail and a lot of other programmes broadcast on TG4 and I also like Donal Dineen?s programme on Today FM. Who was the best guest you ever had on your programme? What is your greatest inspiration while you are broadcasting? That the Irish language audience in the Gaeltacht and from English speaking area and around the world are listening every now and then. I would like it if we could inspire the same Irish speakers to be in contact and participate in the programme. Rónán presents the programme Géill Slí on Anocht FM on Raidió na Gaeltachta. Further information about Rónán's choice of music available here |
Síníonn Coimisiún Craolacháin na hÉireann ceadúnas Raidió le Raidió Corca Baiscinn agus Tipperary Mid West Radio | BCI Signs 10 Year community licences with Raidió Corca Baiscinn and Tipperary Mid West Radio |
Tá sé fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI)go bhfuil conradh pobail deich mbliana sínithe acu le Raidió Corca Baiscinn (Stáisiún Pobail Iardheisceart an Chláir) agus Tipperary MidWest Radio chun seirbhís craolta phobail a chur ar fáil ar an mbanna FM. Bhí conradh cúig bliana ag an dá stáisiún leis an gCoimisiún agus éascóidh na conarthaí forbairt fhadtéarmach na seirbhísí sin. | The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) announced the signing of ten-year community sound broadcasting contracts with Raidió Corca Baiscinn (South West Clare Community Radio) and Tipperary Mid West Radio for the provision of community sound broadcasting services on the FM band. Both stations have previously held five year contracts with the Commission and these new contracts will facilitate the long term development of these services. [More] |
Cinntí Ceadúnais fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann |
Bci Announces Radio Licensing Decisions |
Tá sé fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) go mbeidh seirbhís nua Ór Clasaiceach /Récheoil ann tar éis cruinniú Boird a reáchtáladh níos luaithe ar maidin. [Ar Lean] | The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has announced its decision regarding the award of a new Classic Gold/Easy Listening/Smooth multi-city service on the FM band, following its board meeting earlier this morning [More] |
Eolairí Leictreonacha Clár (EPG) Beartas Ceadúnaithe an BCI 2007 | BCI EPG (Electronic Programme Guide) Licensing Policy 2007 |
Eolairí Leictreonacha Clár (EPG) Beartas Ceadúnaithe an BCI 2007 [Anseo]
| BCI EPG (Electronic Programme Guide) Licensing Policy 2007 [Here] |
Duais Ghlór Na Ngael Bronnta Ar Shannonside/ Northern Sound Agus 102Fm Luimneach | Glór na nGael Prize awarded to Shannonside/northern Sound and 102FM Limerick |
Comhghairdeas leo siúd a bhuaigh duaiseanna Ghlór na Gael le déanaí. Bronnadh duais speisialta ar dhá stáisiún raidió neamhspleácha. Bronnadh Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann ar an stáisiún tráchtála is fearr a chuir an Ghaeilge chun cinn agus bhain Shannonside/Northern Sound an gradam sin amach. Bronnadh duais chomh maith ar an stáisiún pobail is fearr, 102Fm (Luimneach) as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, a bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus chultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha aige. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo | Congratulations to all those who won Glór na nGael prizes recently. A special prize was awarded to two independent radio stations. The Broadcasting Commission of Ireland prize was awarded to the best commercial station to promote Irish and Shannonside/Northern Sound had the honour of winning this prize. A prize was also awarded to the best community radio station for its efforts to promote the Irish language. The two stations won prizes worth Euro1,500, which were sponsored by the Broadcasting Commission of Ireland. Glór na nGael is a national competition which aims to develop and preserve the Irish language and culture. In total, Glór na nGael announced prizes worth Eur141,950 this year recognising the good work achieved by committees at home and abroad to promote Irish. Further information available here |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com