English Version »
Cogar

Cláraigh don Nuachtlitir

Ainm:
R-Phoist:

AN NUACHT IS DÉANAÍ LE COGAR

Cathal Goan ag imeacht

Cathal Goan ag imeacht

Cé go raibh aird na meáin náisiúnta dírithe ar ról Chathal Goan mar Ard-Stiúrthóir RTÉ agus iad ag trácht ar a chinneadh éirigh as an bpost sin an tseachtain seo caite, is mó cuimhne a bheidh ar Chathal Goan an taobh seo tíre i dtaobh a ról mar chéad cheannasaí TG4 nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí air ag an am.


Is as Béal Feirste ó dhúchas é Cathal agus tá tréimhse fhada caite aige ar obair i saol na meáin, idir raidió agus teilifís. Sa bhliain 1990 ceapadh é mar eagarthóir ar chláir Gaeilge RTÉ agus bhí sé fós ag feidhmiú sa phost sin nuair a ceapadh é mar cheannasaí ar TG4 sa bhliain 1994, ceapachán ar cuireadh fáilte mhór roimhe ag an am.

Ní nach ionadh, bhí ról lárnach aige i bhforbairt gach gné den stáisiún nua ó lá a cheapachán go dtí oíche Shamhna 1996 nuair a tháinig Teilifís na Gaeilge ar an aer don chéad uair. Lean sé lena cúramaí mar Cheannasaí an stáisiúin go dtí gur ceapadh é mar Stiúrthóir Teilifíse RTÉ sa bhliain 2000 agus ina dhiaidh sin, sa bhliain 2003 fuair sé ardú céime eile nuair a ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir RTÉ.

Is ceapachán 7 mbliain a bhí i gceist, ach glactar leis go raibh bainistíocht RTÉ sásta tréimhse eile mar Ard-Stiúrthóir a thairiscint do Chathal Goan agus tháinig cinneadh Chathail aniar aduaidh ar chuid mhaith daoine.

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
29 Iúil 2010

www.advertiser.ie/galway


Vótáil

Cad í an tsraith teilifíse is mó a thaitin leat i mbliana?
  • An GAA @ 125 Bliain (TG4)
  • In the Name of the Fada (RTÉ)
  • Scannal (RTÉ)
© 2007-2009 Cogar™ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar.