English Version »
Cogar

Cláraigh don Nuachtlitir

Ainm:
R-Phoist:

AN NUACHT IS DÉANAÍ LE COGAR

Bialanna fós á lorg

Bialanna fós á lorg

Tá súil ag Gaillimh le Gaeilge go gcuirfear leis an líon bialanna atá páirteach sa scéim nua, Biachláir le Blas na Gaeilge, scéim a sheol siad an tseachtain seo caite. Faoin scéim beidh bialanna ag cur biachlár dátheangach ar fáil dá gcuid custaiméirí.


Go dtí seo tá dá cheann déag de bhialanna cláraithe leis an scéim, orthu siúd tá; Bácús Uí Ghríofa, Beár agus Bialann Lohans, Dáil Bar, Galway Bay Hotel, GBC, Glenlo Abbey, Kashmir, Kings Head, Monroe’s Tavern, Malt House, Teach na Céibhe agus Vina Mara .
Tá Gaillimh le Gaeilge lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuireann siad seirbhís aistriúchán ar fáil saor in aisce chomh maith.

Ag labhairt ag ócáid seolta na scéime dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Iognáid Ó Muircheartaigh, “Sheol muid an tionscnamh seo tar éis dúinn roinnt glaonna a fháil ó dhaoine i gCathair & Contae na Gaillimhe, agus ó áiteanna eile in Éirinn, ag lorg liosta de bhialanna i gCathair na Gaillimhe a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid biachlár. Is maith le turasóirí a thagann go Gaillimh an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid i saol laethúil na cathrach. Cuireann sé lena dtaithí saoire agus téann Gaillimh i bhfeidhm go mór orthu mar ionad saoire uathúil. Is cinnte go bhféadfadh gnóthaí laistigh d’earnáil an fháilteachais leas a bhaint as an nGaeilge a úsáid; fuarthas i staidéar ar luach na Gaeilge do Ghaillimh a foilsíodh anuraidh gur fiú breis is €136 milliún í agus dúirt breis agus 91% de ghnólachtaí chathair na Gaillimhe, gur sócmhainn turasóireachta í agus gné uathúil tharraingteach d’íomhá na Gaillimhe. Tá muid ag tnúth le hoibriú leis an earnáil sin sna míonna amach romhainn agus le híomhá dhátheangach na Gaillimhe a neartú”.

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
29 Iúil 2010

www.advertiser.ie/galway



Vótáil

Cad í an tsraith teilifíse is mó a thaitin leat i mbliana?
  • An GAA @ 125 Bliain (TG4)
  • In the Name of the Fada (RTÉ)
  • Scannal (RTÉ)
© 2007-2009 Cogar™ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar.