AN NUACHT IS DÉANAÍ LE COGAR
Ceol’s Comhrá i gCaisleán an Bharraigh
Dáta Foilsithe -
03/09/2010 12:06:00
Ceol ‘s Comhrá is teideal do ghrúpa óige nuabhunaithe atá dírithe ar dhéagóirí atá ina gcónaí i gCaisleán an Bharraigh agus sa cheantar máguaird.
Agus an téarma scoile ina thosach, tá cuireadh tugtha ag an ngrúpa do dhaoine óga teacht le chéile agus blaiseadh a fháil ar an raon leathan imeachtaí sóisialta a bhíonn á n-eagrú trí mheán na Gaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gae...
Dáta Foilsithe -
02/09/2010 15:30:00
Thug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD, cuairt aréir ar chruinniú de bhalleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Buille Faoi Thuairim ar ais ar RTÉ Raidió 1
Dáta Foilsithe -
01/09/2010 16:45:00
Beidh Cnocadóirí Átha Cliath ag dul san iomaíocht le foireann Ghlór na nGael ó Chill Chóca i gContae Chill Dara ar ‘Bhuille Faoi Thuairim’ don chéad chlár sa tsraith is déanaí a chraolfar Dé Sathairn, 4 Meán Fómhair ar RTÉ Raidió 1.
Ar Lean »
Ar Lean »
Éileamh mór ar naíonraí
Dáta Foilsithe -
01/09/2010 13:05:00
Tá fógartha go mbeidh 18 naíonraí nua ag oscailt i mbliana. Is méadú suntasach é sin ar an gcúig naíonra a d’oscail i 2009, de réir figiúirí atá eisithe ag Forbairt Naíonraí Teoranta.
Ar Lean »
Ar Lean »
Scéal an Airgid ar TG4
Dáta Foilsithe -
01/09/2010 11:34:00
Beidh staid eacnamaíochta na tíre agus conas mar a chuireann sé sin isteach ar phobail ar fud na tíre faoi chaibidil ag sraith nua teilifíse, ‘Scéal an Airgid’ a chraolfar den chéad uair ar TG4 anocht.
Agus gan amhras beidh cleachtas na mbanc maidir le iasachtú agus conas mar a chuirtear iasachtaí ar fáil d’fhiontraithe úra agus seanbhunaithe fiú go mór chun tosaigh sa phlé sa chlár a fuair maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Scéim Teanga Chomhairle Cathrach Chorcaí 2010-2013
Dáta Foilsithe -
31/08/2010 16:43:00
Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach Chorcaí a tarna scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Ar Lean »
Mick Lally- Cainteoir Dúchais agus Aisteoir den scoth
Dáta Foilsithe -
31/08/2010 14:17:00
Thug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha, TD, ómós don aisteoir clúiteach Mick Lally a bhásaigh inniu in aois 64 bliain. "Bhí agus beidh urraim agus ómós ag muintir na hÉireann i gcónaí don aisteoir agus don duine uasal, Mick Lally, as a ghairmiúlacht chríochnaithe, as a umhlaíocht agus as a chroí mór."
Ar Lean »
Ar Lean »
Siollabas nua don Ghaeilge ar an triú leibhéal le seoladh
Dáta Foilsithe -
31/08/2010 11:37:00
Seolfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey T.D., an dara céim de thionscadal náisiúnta siollabais don Ghaeilge ar an tríú leibhéal ag ócaid i mBaile Átha Cliath ar an Luan, 6 Meán Fómhair.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill
Dáta Foilsithe -
27/08/2010 15:09:00
Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill á heagrú ag Éigse Cholm Cille ar an 9 Deireadh Fómhair. Ní hamháin gur file ardcháile é Ó Dúill a bhfuil naoi gcnuasach filíochta curtha i gcló aige, is fairsing a chuid taithí ar ábhar scríbhneoirí a oiliúint.
Ar Lean »
Ar Lean »
Comórtas Amhránaíochta Liet International
Dáta Foilsithe -
27/08/2010 14:55:00
Tá Liet International, comórtas amhránaíochta d’amhráin atá cumtha i dteangacha neamhfhorleathana ag glacadh le hiarratais arís ó amhránaithe agus cumadóirí ceoil do chraobh an chomórtais bhliantúil.
Ar Lean »
Ar Lean »
Buntáiste Breise na Gaeilge ar chamchuairt!
Dáta Foilsithe -
25/08/2010 11:36:00
Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.
Ar Lean »
Ar Lean »
Maoiniú faighte ag Ógras chun breis imeachtaí a chuir ar fáil don...
Dáta Foilsithe -
25/08/2010 11:23:00
D’fhógair Ógras, óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge go bhfuil deontas de €30,000 faighte acu chun scéimeanna agus imeachtaí óige a reáchtáil i gCúige Uladh.
Dheimhnigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo, go bhfuil an t-airgead á chuir ar fáil d’Ógras faoin Scéim Óige 2010-2011.
Ar Lean »
Ar Lean »
Fógra i nGaeilge ar Today Fm
Dáta Foilsithe -
20/08/2010 12:42:00
Le linn na seachtaine seo chugainn, beidh fógra Gaeilge do sheirbhísí Fujifilm le cloisteáil tar éis na nuachta ar Today Fm, gach uair an chloig ón 7am-11pm ó Dé Luain go dtí Dé Domhnaigh. D’fhógair Fujifilm Ireland le déanaí go bhfuil an Ghaeilge anois ar fáil mar rogha ar a mbothanna grianghraf timpeall an domhain. Ní hamháin go bhfuil Fujifilm ar thús cadhnaíochta ó thaobh na teicneolaíochta de, ach tá siad anois ar an gcéad gnólacht riamh, chun fógra urraíochta trí Ghaeilge a ghlacadh ar stáisiún raidió náisiúnta in Éirinn.
Ar Lean »
Ar Lean »
Gaeilgeoirí na hAstráile in Éirinn faoi láthair
Dáta Foilsithe -
19/08/2010 14:15:00
Tá ranganna Gaeilge ar siúl san Astráil le fada an lá ach i mbliana tá grúpa foghlaimeoirí as an Astráil anseo i nGleann Cholm Cille ar feadh coicíse le freastal ar chúrsaí teanga de chuid Oideas Gael. Thar na blianta tháinig daoine aonair an t-achar fada óna Fritíortha le seal a chaitheamh sa Ghaeltacht, ach seo an chéad uair a tháinig grúpa le chéile. Tá cúig dhuine dhéag sa ghrúpa agus daoine as Sydney, Melbourne agus Canberra ina measc.
Ar Lean »
Ar Lean »
Sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dáta Foilsithe -
19/08/2010 9:38:00
Bhí Seán Bán Breathnach, Eibhlín Ní Chonghaile, Jó Ní Chéide agus Cormac Ó hEadhra, láithreoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chuid de láithreoirí raidió RTÉ a bhí i láthair ag seoladh sceideal raidió an fhómhair ar RTÉ i nDomhnach Broc inné.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ré nua do shiopa leabhar Chonradh na Gaeilge
Dáta Foilsithe -
16/08/2010 10:30:00
Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí Gaeilge is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama, agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ag spraoi leis an nGaeilge lasmuigh den Seomra Ranga
Dáta Foilsithe -
12/08/2010 14:47:00
D’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí gur ceadaíodh maoiniú do 54 tionscnamh ar fud na tíre faoi Scéim na nImeachtaí Óige.
Cuirfear breis agus €215,000 ar fáil do thionscnaimh éagsúla d'fhonn daoine óga a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh d'uaireanta scoile.
Ar Lean »
Ar Lean »
Deiseanna d' Eagraíochtaí Ealaíon agus Ealaíontóirí
Dáta Foilsithe -
12/08/2010 12:44:00
Fáiltíonn Comhairle Cathrach Dhoire roimh Ealaíontóirí agus Eagraíochtaí Ealaíon le tionscadal Teanga agus Ealaíon a fhorbairt faoi Chuspóir 10.9 de Chlár Deachaidrimh na Comhairle Cathrach dar teideal ‘Ag baint feidhm as na hEalaíona leis an tionchar atá ag
Gaeilge, Béarla agus Albainis Uladh ar ár bhféiniúlacht chultúrtha a scrúdú agus le meas ar theangacha a mhéadú’.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ceol Cé
Dáta Foilsithe -
12/08/2010 12:29:00
Lá mór spraoi agus siamsaíochta a bheidh ann i mBaile Loch Garman ar an 28 Lúnasa, áit a bheidh scoth na gceoltóirí agus togha na n-amhránaithe le cloisteáil ar stáitse i gCearnóg Selskar mar chuid d’fhéile ‘Ceol Cé’.
Tá an fhéile á reáchtáil ag Na Macallaí, eagras áitiúil a chuireann an Ghaeilge chun cinn in oirdheisceart na tíre. Ar na haíonna atá fógartha ar chlár na féile go dtí seo tá Liam Ó Maonlaoi, Gavin Rolston, Clive Barnes agus Luan Parle, amhránaí a bhuaigh Gradam Meteor in 2007.
Ar Lean »
Ar Lean »
Mo Ghrá Gael
Dáta Foilsithe -
11/08/2010 15:11:00
An duine singil tú atá fós sa tóir ar do leannán, do ghrá gheal? Ar mhaith leat buaileadh le páirtí atá líofa sa Ghaeilge? Más ea, tá an comhlacht léiriúcháin Wadell Media ag iarraidh cleamhnais a shocrú idir rannpháirtithe óga sa tsraith úr teilifíse, ‘Mo Ghrá Gael’
Tosóidh an comhlacht ag taifeadadh i mBéal Feirste ar an 16 Lúnasa agus i gCathair na Gaillimhe ar an 18 Lúnasa agus táthar fós ag glacadh le hiarratais ó dhaoine gealgháireacha misniúla a bheidh sásta páirt a ghlacadh sa scléip ar fad!
Ar Lean »
Ar Lean »
An Chultúrlann ag ceiliúradh!
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 11:12:00
Tá Cultúrlann Uí Chanáin ar an ngearrliosta arís. Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil an t-ionad cultúrtha, a fhreastalaíonn ar phobal na Gaeilge i nDoire Cholm Cille ainmnithe ar ghearrliosta do ghradam ailtireachta domhanda.
Ainmníodh an foirgneamh saintógtha, atá lonnaithe i gcroílár stairiúil na cathrach i gcatagóir na bhfoirgneamh pobail sna gradaim idirnáisiúnta.
Ar Lean »
Ar Lean »
Bí ag scríobh!
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:59:00
An mbíonn mearbhall ort faoi úsáid na Gaeilge i gcúrsaí ríomhaireachta? Nó an mbíonn comhghleacaí nó cara leat i gcónaí ag gearán faoi na deacrachtaí a bhaineann le sínte fada ar chur i bhfeidhm ar an ríomhaire?
Anois, tá suíomh idirlín nua, Scriobh.ie a chuirfidh comhairle ar gach aon duine, fiú amháin an duine is aineolaí ar chúrsaí ríomhaireachta, maidir leis na háiseanna is fearr ar líne agus na bealaí is fearr fadhbanna agus deacrachtaí a bhaineann le scríobh na Gaeilge a réiteach.
Ar Lean »
Ar Lean »
‘Pléaráca an Riadaigh’ le buachan
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:50:00
An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine dlúthdhioscaí den scoth dar teideal Pléaráca an Riadaigh’ a bhuachan.
Tá clú agus cáil bainte amach ag Seán Ó Riada, Seán Ó Sé agus ag Darach Ó Catháin lena gcuid ceoil agus amhrán le bliana fada anuas.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Dátheangachas roghnaithe ag lucht Gnó Chorcaí
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:43:00
Tá Gradam Phádraig Uí Chuanacháin faoi lán seoil arís, agus tá éileamh as cuimse ar an gcomórtas seo i mbliana, comórtas a thugann aitheantas do chuideachtaí a dhéanann iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair agus i gContae Chorcaí.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Ghaeilge mar Chritéar Aitheantais do Scoileanna Nua
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:32:00
Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.
Ar Lean »
Ar Lean »
Coimhlint agus Ceisteanna Teanga-Leabhar Úr
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:28:00
Ina leabhar úr, “Language and Conflict in Northern Ireland and Canada - A Silent War”, a seoladh ag an deireadh seachtaine, tugann Janet Muller léargas luachmar ar an cheangal idir pleanáil teanga agus ’réiteach coinbhleachta’ lenár linn.
Úsáidtear cás Quebec Cheanada agus cúlra an údair féin i dTuaisceart na hÉireann mar shamplaí ar an tionchar a bhíonn ag coimhlint agus polasaí teanga ar chur chun chinn na dteangacha mionlaigh, agus déantar measúnú ar thorthaí an “ré nua” a gealladh don Ghaeilge i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1999.
Ar Lean »
Ar Lean »
Aitheantas Oifigiúil do cheithre scoil i dTuaisceart Éireann
Dáta Foilsithe -
10/08/2010 10:18:00
Fógraíodh le déanaí gur éirigh le ceithre Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais don chéad bhliain scoile eile.
Cúis mhór áthais a bhí ann do na tuismitheoirí agus eagrais áitiúla a chur tús lena bhfeachtais tamall fada ó shin gaelscoileanna a bhunú i Machaire Fíolta agus i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus i gCill Chaoill i gContae an Dúin agus i mBaile Meánach i gContae Aontroma.
Ar Lean »
Ar Lean »