English Version »
Cogar

Cláraigh don Nuachtlitir

Ainm:
R-Phoist:

BCI - COIMISIÚN CRAOLACHÁIN NA HÉIREANN

Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar.

Comhlacht neamhspleách reachtúil is ea Údarás Craolacháin na hÉireann (CCÉ) atá freagrach as méid áirithe príomhréimsí gníomhaíochta maidir le seirbhísí teilifíse agus raidió in Éirinn. Leagtar amach ról agus feidhmeanna CCÉ i réimse forálacha a n-áirítear iad san Acht Raidió agus Teilifíse 1988, an Acht Craolacháin 2001 agus an tAcht Craolacháin (Maoiniú), 2003.

Go hiondúil is féidir cur síos a dhéanamh ar fheidhmeanna an Údaráis mar obair cheadúnú, monatóireachta agus forbartha.

Mhéadaigh an tAcht Craolacháin, 2001 feidhm cheadúnú an Choimisiúin agus chomh maith leis sin rinne sé ról breise a sholáthar maidir le forbairt cód agus rialacha do chraoltóirí. Ináirithe sa reachtaíocht chomh maith bhí soláthar d’fheidhm rúnaíochta don gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin (CGC). Is féidir mionsonraí faoi CGC a fháil ar a láithreán gréasáin, www.bcc.ie . 

Tugann an tAcht Craolacháin (Maoiniú) 2003 freagracht don Údarás maidir le h-eisíocaíochtaí de 5% den táille ceadúnais le tacaíocht a thabhairt do chláracha nua teilifíse agus raidió.

Áirítear le croí-ghníomhaíochtaí an Choimisiúin:

Ceadúnú
Ceadúnaíonn an Coimisiún seirbhísí neamhspleácha craoltóireachta a bhfuil sé mar sprioc acu rogha agus éagsúlacht a sholáthar don éisteoir. Go reathúil ceadúnaíonn an Coimisiún seirbhís chlár teilifíse náisiúnta (TV3), seirbhís náisiúnta raidió (Today FM) agus iomlán de 48 sheirbhís raidió áitíuil, pobail, pobal sainspéise agus in institiúidí. Tá’n Coimisiún freagrach chomh maith as seirbhísí breise teilifíse a cheadúnú ar chórais agus saitilíte.

Cóid agus Rialacha
Tá an Coimisiún freagrach as cóid agus rialacha a fhorbairt maidir le caighdeáin i leith cláracha agus fógraíochta. Nuair a thugtar isteach iad bainfidh na cóid seo le gach uile craoltóir, idir phoiblí agus phríobháideach.

Monatóireacht
Déanann an Coimisiún monatóireacht ar a chuid seirbhísí ceadúnaithe ar fad lena chinntiú go gcomhlíonann sealbhóirí ceadúnas a gcuid oibligeáidí reachtúla chomh maith le téarmaí a gconarthaí. Áirítear le monatóireacht measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú cláracha, ar struchtúir sealbhóireachta agus rialú, ar fheidhmiú airgeadais agus trádála, ar chleachtais bhainistíocht acmhainní daonna agus ar áiseanna tarchurtha agus stiúideo.

Forbairt
Soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht do thionscnaimh oiliúna agus forbartha, mar chuid d’iarracht cultúr an fheabhais a chur chun cinn san earnáil craoltóireachta neamhspleách. Tugann an Coimisiún tacaíocht chomh maith do thionscnaimh clár ar nós na scéime “Fiontair Nua sa Chraoltóireacht”.

Sound & Vision, An Scéim Craolacháin (Maoiniú)
Beidh an Coimisiún freagrach as eisíocaíocht 5% den táille ceadúnais le tacaíocht a thabhairt do chláracha nua teilifíse agus raidió. Úsáidfear an maoiniú seo le cláir nua a chraoladh i réimsí chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann, réimse na Gaeilge agus litearthacht d’aosaigh.

Taighde
Déanann an Coimisiún coimisiúnú ar thaighde chun cabhrú le forbairt bheartas craolacháin in Éirinn, i gcomhthéacs athrú na teicneolaíochta, athruithe i reachtaíocht an AE, formáidí nua chláracha agus treochtaí agus taithí idirnáisiúnta.

Faisnéis
Trína fheidhm faisnéise, foilsíonn agus dáileann an Coimisiún faisnéis orthu siúd atá ag saothrú in earnáil na craoltóireachta agus ar an bpobal i gcoitinne chomh maith.

Vótáil

Cad í an tsraith teilifíse is mó a thaitin leat i mbliana?
  • An GAA @ 125 Bliain (TG4)
  • In the Name of the Fada (RTÉ)
  • Scannal (RTÉ)
© 2007-2009 Cogar™ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar.