English Version »
Cogar

Cláraigh don Nuachtlitir

Ainm:
R-Phoist:

GNÓ NA HEARNÁLA

Ná scéalta is déanaí faoin earnáil raidió in Éirinn.
Más mian leat scéal a scaipeadh mar gheall ar do chlár nó má cheapann tú go bhfuil scéal agat a chuirfeadh craoltóirí eile speis ann, déan teagmháil le niamh@gaelport.com

Feachtas Tiomsaithe Airgid Raidió Fáilte

Dáta Foilsithe - 25/08/2010 16:59:00
Feachtas Tiomsaithe Airgid Raidió Fáilte
Tá feachtas tiomsaithe airgid ar siúl ag an stáisiún raidió pobail, Raidió Fáilte 107.1fm atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste.

Ar Lean »

Sceideal úr RnaG fógartha

Dáta Foilsithe - 25/08/2010 16:35:00
Sceideal úr RnaG fógartha
Cuirfear tús le sceideal nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 6 Meán Fómhair. Fógraíodh an sceideal úr ag preas-ócáid i gceannáras RTÉ i nDomhnach Broc an tseachtain seo caite.

Ar Lean »

Comórtas Fidle ar chlár Pheadair Uí Riada

Dáta Foilsithe - 25/08/2010 14:52:00
Comórtas Fidle ar chlár Pheadair Uí Riada
Is iad fidléirí atá cumasach ar bhfidil, atá ceolmhar ina gcuid seinnte agus atá cruthaitheach sa tslí a gcleachtann siad a gceird atá á lorg ag an gceoltóir agus an láithreoir raidió Peadar Ó Riada, don mórchomórtas fidle a bheidh ar siúl ar an gclár ‘Cuireadh chun Ceoil’ i rith an gheimhridh.

Ar Lean »

Stáisiún Rac-cheoil eile do Bhaile Átha Cliath

Dáta Foilsithe - 25/08/2010 14:34:00
Stáisiún Rac-cheoil eile do Bhaile Átha Cliath
Is cosúil go dtosóidh Radio Nova ag craoladh i mBaile Átha Cliath go luath i Meán Fómhair. Stáisiún Rac-Cheoil a bheidh ann a bheidh ag freastal ar lucht éisteachta atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird.

Ar Lean »

Fuaimriain: Sraith nua Raidió na Life

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 15:53:00
Fuaimriain: Sraith nua Raidió na Life
Ag tús na míosa chuir Raidió na Life tús le sraith ina dtugtar an deis don lucht éisteachta ceangal a dhéanamh idir an saol laethúil agus na fuaimeanna a bhíonn le cloisteáil mórthimpeall orthu gach lá.

Ar Lean »

“An Caife Liteartha” ar Radio Kerry

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 15:48:00
“An Caife Liteartha” ar Radio Kerry
Gach Domhnach i rith an tsamhraidh, beidh an deis ag an lucht éisteachta sa ríocht an raidió a chur ar siúl agus cluas éisteachta a thabhairt do scoth na filíochta á léamh ón gCaife Liteartha i nDaingean Uí Chúis.

Ar Lean »

Guth na Gaillimhe ar an raidió

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 12:57:00
Guth na Gaillimhe ar an raidió
Is í Eibhlín Uí Bhairéid a bheidh ag cur na cluasáin uirthi féin i stiúideo Galway Bay FM gach Máirt as seo amach agus í ag ullmhú dá clár seachtainiúil Gaeilge, ‘Do Ghuth’. Beidh Eibhlín ag cur an cláir i láthair le cúnamh ó Chonradh na Gaeilge, atá ag léiriú an irischláir a bheidh ag díriú ar phobal na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.

Ar Lean »

Sound and Vision: Spriocdháta ag druidim linn

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 12:31:00
Sound and Vision: Spriocdháta ag druidim linn
Níl ach coicís fágtha ag craoltóirí agus léiritheoirí raidió an dlaoi mhullaigh a chuir ar iarratais don scéim maoinithe craolacháin Sound and Vision.

Ar Lean »

€2.5 Milliún le bronnadh ar thionscnaimh theilifíse Ghaeilge

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 12:25:00
€2.5 Milliún le bronnadh ar thionscnaimh theilifíse Ghaeilge
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí go mbronnfar maoiniú dar luach €2.5 milliún ar thionscnaimh Ghaeilge agus ar thionscnaimh dhátheangacha sa bhabhta is déanaí sa scéim Sound and Vision 2.

Ar Lean »

Conarthaí nua aontaithe le ROS FM agus Dundalk FM

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 12:17:00
Conarthaí nua aontaithe le ROS FM agus Dundalk FM
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí go bhfuil conarthaí nua aontaithe le Dundalk FM agus ROS FM maidir le seirbhís radio pobail a chur ar fáil.

Ar Lean »

Deiseanna raidió do chraoltóirí úra i mBéal Feirste

Dáta Foilsithe - 21/07/2010 12:09:00
Deiseanna raidió do chraoltóirí úra i mBéal Feirste
Cé hé an chéad réalta raidió eile a bheidh ag dul san iomaíocht le leithéidí Rónán Mac Aodh Bhuí? Beidh le cloisteáil- ar Raidió Fáilte 107.1 FM, atá ag lorg smaointe agus ábhar craoltóirí don sceideal raidió nua atá le hullmhú ag an stáisiún lán-Ghaeilge go luath.

Ar Lean »

Oiliúint ar scileanna raidió- As Gaeilge

Dáta Foilsithe - 23/06/2010 12:05:00
Oiliúint ar scileanna raidió- As Gaeilge
Reáchtálfar cúrsa scileanna craoltóireachta i mBaile Átha Cliath i Mí Iúil a tabharfaidh oiliúint do chraoltóirí raidió ar mhian leo an Ghaeilge a fhorbairt mar mheán cumarsáide ar a gclár raidió.

Ar Lean »

Comhairle nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta Foilsithe - 23/06/2010 11:15:00
Comhairle nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
D’fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil Comhairle nua ceaptha ag an stáisiún raidió. Tá naonúr ar an gComhairle a fheidhmeoidh ar feadh téarma trí bliana.

Ar Lean »

Scéim tacaíochta don chraoltóireacht phobail

Dáta Foilsithe - 23/06/2010 11:01:00
Scéim tacaíochta don chraoltóireacht phobail
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí go bhfuil maoiniú ar luach €65,000 le bronnadh ar stáisiúin teilifíse agus raidió atá ag díriú ar phobail éagsúla in Éirinn.

Ar Lean »

Síneadh ama maidir le himeachtaí saor le craoladh

Dáta Foilsithe - 23/06/2010 10:30:00
Síneadh ama maidir le himeachtaí saor le craoladh
D’fhógair an tAire Craolacháin, Eamon Ryan, T.D., le déanaí go dtabharfar síneadh ama d’eagraíochtaí, do chraoltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile aighneachtaí a ullmhú maidir le rialacha a bhaineann le himeachtaí spóirt saor le craoladh.

Ar Lean »

Cinntí an Choiste Comhlíonachta fógartha

Dáta Foilsithe - 23/06/2010 10:13:00
Cinntí an Choiste Comhlíonachta fógartha
D’fhógair an Coiste Comhlíonachta de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann na cinntí is déanaí a bhain le gearáin maidir le cláir a craoladh ar an raidió agus ar an teilifís le déanaí.

Ar Lean »

Comhdháil do chraoltóirí pobail

Dáta Foilsithe - 10/06/2010 14:11:00
Comhdháil do chraoltóirí pobail
Is in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh a bheidh comhdháil mhór atá a eagrú ag Craol, fóram raidió pobail na hÉireann, ar an 18 Meitheamh i mbliana.

Ar Lean »

Clár Gaeilge san iomaíocht do dhuais Eorpach

Dáta Foilsithe - 27/05/2010 12:39:00
Clár Gaeilge san iomaíocht do dhuais Eorpach
Fógraíodh inné go bhfuil Máirín Ní Ghadhra, iriseoir le Raidió na Gaeltachta ainmnithe mar ionadaí na hÉireann do dhuais Eorpach dá clár faisnéise, ‘Parlaimint na hEorpa- Téarma Nua’.

Ar Lean »

Scéim nua chun na meáin úra a chur chun cinn

Dáta Foilsithe - 27/05/2010 11:49:00
Scéim nua chun na meáin úra a chur chun cinn
Tá Raidió Fáilte, stáisiún lán-Ghaeilge Bhéal Feirste, i gcomhar leis an ‘Creative Industries Innovation Fund’ ag tabhairt faoi thionscnamh nua dar teideal ‘Ag Fadú an Líonra’ ina mbeidh deis ag ealaíontóirí, ceoltóirí agus scríbhneoirí cruthaitheacha a saothar a thaifead a chraoladh agus a phoibliú ar an stáisiún.

Ar Lean »

Gradam Barr 50 Bronnta ar Raidió na Life

Dáta Foilsithe - 27/05/2010 11:12:00
Gradam Barr 50 Bronnta ar Raidió na Life
Bhí an stáisiún pobail lán-Ghaeilge, Raidió na Life i gcomhluadar chuid de na comhlachtaí is rathúla in Éirinn a fuair duaiseanna as ucht barr feabhais a bhaint amach i sainréimsí gnó ina úsáidtear an Ghaeilge, ag searmanas bhronnta a reáchtáladh san ardchathair le déanaí.

Ar Lean »

Dhá Dhuais Raidió buaite ag Rónán Mac Aodha Bhuí

Dáta Foilsithe - 27/05/2010 10:26:00
Dhá Dhuais Raidió buaite ag Rónán Mac Aodha Bhuí
Bronnadh dhá Ghradam Chumarsáide ar an bhfear mór raidió, Rónán Mac Aodha Bhuí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a reáchtáladh i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Ar Lean »

Aitheantas tugtha do léiritheoirí óga

Dáta Foilsithe - 26/05/2010 15:44:00
Aitheantas tugtha do léiritheoirí óga
Tugadh aitheantas do na hardscileanna raidió agus cumarsáide, atá ag déagóirí óga atá ag freastal ar Ghairmscoil Fheichín Naofa i gcroílár Chonamara, nuair a bronnadh an duais náisiúnta orthu chuid de Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2010 le déanaí.

Ar Lean »

Cóid chraoltóireachta nua

Dáta Foilsithe - 26/05/2010 12:43:00
Cóid chraoltóireachta nua
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí go mbeidh dhá chód craoltóireachta nua ag teacht i bhfeidhm ar an 10 Meitheamh.

Ar Lean »

Conradh Nua Dublin’s Q102

Dáta Foilsithe - 26/05/2010 12:36:00
Conradh Nua Dublin’s Q102
Arú inné, shínigh Údarás Craolacháin na hÉireann, conradh deich mbliana le City Broadcasting Limited chun seirbhís raidió ceol-bhunaithe a chur ar fáil do phobal éisteachta atá idir 35-55 bliain d’aois i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.

Ar Lean »

Cloch Mhíle Shuntasach á cheiliúradh ag Anocht FM

Dáta Foilsithe - 29/04/2010 12:01:00
Cloch Mhíle Shuntasach á cheiliúradh ag Anocht FM
Tá ANOCHT fm, an tseirbhís raidió dírithe ar an óige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag ceiliúradh 5 bliana ar an aer ar 2 Bealtaine. Ba ar ANOCHT fm a ceadaíodh liricí Béarla a chraoladh den chéad uair ar an stáisiún, céim mhór agus athrú mór polasaí do Raidió na Gaeltachta a tharraing neart cainte ag an am.

Ar Lean »

Gradam Iriseoireachta Bronnta ar Láithreoirí Raidió na Life

Dáta Foilsithe - 28/04/2010 12:14:00
Gradam Iriseoireachta Bronnta ar Láithreoirí Raidió na Life
Fógraíodh an tseachtain seo caite gurb iad Jack Ó Leocháin agus Eoin Ó Murchú ó Raidió na Life a bhuaigh gradam náisiúnta iriseoireachta do mhic Léinn ag searmanas bhronnta a bhí ar siúl i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Ba é an láithreoir raidió agus teilifíse Lynette Fay, a bhíonn ag obair ar BBC Raidió Uladh a bhronn an gradam ar an dá mhac léinn ar an oíche.

Ar Lean »

Craoltóirí Raidió san iomaíocht do na Gradaim Chumarasáide

Dáta Foilsithe - 28/04/2010 11:38:00
Craoltóirí Raidió san iomaíocht do na Gradaim Chumarasáide
Beidh iomaíocht ghéar idir RTÉ Raidió na Gaeltachta, FM 104 agus Raidió na Life don Ghradam do Chlár/Sraith Raidió na Bliana a bhronnfar ag na searmanais speisialta i dTeach Farmleigh i mí Bealtaine.

Ar Lean »

Caparcaillie le cloisteáil ar Sheó Rónán Beo

Dáta Foilsithe - 28/04/2010 10:48:00
Caparcaillie le cloisteáil ar Sheó Rónán Beo
Beidh ceol agus amhránaíocht den chéad scoth le cloisteáil ar Sheó Rónán Beo níos déanaí an tseachtain seo nuair a thabharfaidh triúr ball ón mbanna ceoil Albanach, Capercaillie cuairt ar stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Ar Lean »

Conarthaí nua le bronnadh trí Sheirbhís Raidió Pobail

Dáta Foilsithe - 28/04/2010 10:38:00
Conarthaí nua le bronnadh trí Sheirbhís Raidió Pobail
Tá fógartha ag Údarás Craolacháin na hÉireann go bhfuil sé i mbun cainteanna le trí ghrúpa áitiúla mar gheall ar sheirbhísí raidió pobail a bhunú i gContae Luimnigh, i mBaile Átha Luain agus in iardheisceart Dhún na nGall.

Ar Lean »

Bean an Pholaiteora

Dáta Foilsithe - 14/04/2010 16:21:00
Bean an Pholaiteora
Is í Fionnuala O’ Kelly, bean chéile Enda Kenny TD, Ceannaire Fhine Gael a bheidh mar aoi speisialta sa chéad eagrán den chlár dátheangach nua, ‘An Seo’ a chraolfar ar Raidió Pobail Chaisleán an Bharraigh.

Ar Lean »

Seasann an BAI le Gearán faoi Chraoladh Réamhbhuiséad Newstalk

Dáta Foilsithe - 31/03/2010 16:59:00
Seasann an BAI le Gearán faoi Chraoladh Réamhbhuiséad Newstalk
Thug Coiste de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann cinneadh maidir le 48 gearán a fuarthas ag cruinniú a reáchtáladh ar an 9 Márta. Sheas an Coiste le ocht gcinn de na gearáin. Bhain seacht gcinn le craoltaí teilifíse agus bhain gearán amháin le ráiteas réamhbhuiséad a craoladh ar Newstalk 106-108 FM.

Ar Lean »

Sound and Vision: Athruithe sa Scéim

Dáta Foilsithe - 31/03/2010 16:24:00
Sound and Vision: Athruithe sa Scéim
Le déanaí, d’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann athruithe nua sa Scéim Mhaoinithe do chraoltóirí raidió agus teilifíse, Sound and Vision. Rinne an tAcht Craolacháin, 2009 an scéim a leathnú agus anois beidh maoiniú ar fáil do chláir ina bhfuil litearthacht sna meáin agus cúrsaí domhanda mar théamaí.

Ar Lean »

Gearrliosta Smedias

Dáta Foilsithe - 31/03/2010 16:09:00
Gearrliosta Smedias
Tá dáréag craoltóir óg ainmnithe ar ghearrliosta na nGradam Smedias, Gradaim na hEarnála Meán Cumarsáide do Mhic Léinn Tríú Leibhéal sa chatagóir Iriseoireacht Raidió trí Ghaeilge. Beidh mic léinn ó Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath san iomaíocht don mhórdhuais a bronnadh ar Lisa Ní Shuairc anuraidh.

Ar Lean »

Smedias ag súil le hiarratais ó Ábhar Craoltóirí

Dáta Foilsithe - 08/03/2010 16:25:00
Smedias ag súil le hiarratais ó Ábhar Craoltóirí
Tá dhá lá ag ábhar craoltóirí agus iriseoirí iarratas a chur isteach sna Gradaim SMEDIAS- Gradaim na hEarnála Meán Cumarsáide do Mhic Léinn Triú Leibhéal. I mbliana beidh dhá chatagóir sa bhreis ann a bheidh oscailte do chraoltóirí agus d’iriseoirí le Gaeilge.

Ar Lean »

Raidió Rí Rá le craoladh ar FM arís

Dáta Foilsithe - 17/02/2010 11:29:00
Raidió Rí Rá le craoladh ar FM arís
Fillfidh an t-ógstáisiún cairtcheoil Ghaeilge, Raidió Rí Rá ar ais ag craoladh beo ar FM i gceann coicíse mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.

Ar Lean »

Club leabhar ar an Raidió

Dáta Foilsithe - 17/02/2010 10:53:00
Club leabhar ar an Raidió
Tá fógartha go mbeidh Splanc, an gnéchlár Gaeilge a chraoltar ar Newstalk gach Aoine, ag cónascadh le tionscnamh ar líne dar teideal Clubleabhar.com. Táthar ag súil go gcuirfidh léitheoirí úra suim i leabhair Ghaeilge, idir leabhair nuafhoilsithe agus shárleabhair chlasaiceacha atá fós i gcló, mar chuid de thionscadal nua ar líne.

Ar Lean »

RTÉ ag ullmhú scéim teanga

Dáta Foilsithe - 17/02/2010 10:40:00
RTÉ ag ullmhú scéim teanga
Tá RTE ag ullmhú scéim teanga faoi láthair chun na seirbhísí a bheidh a soláthar trí Ghaeilge amháin, trí Bhéarla amháin agus sa dá theanga a shonrú. Is é seo an chéad scéim atá le hullmhú ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ar Lean »

TG4 ar fáil ar Freeview ó 2012

Dáta Foilsithe - 17/02/2010 10:29:00
TG4 ar fáil ar Freeview ó 2012
Tá fógartha ag An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Eamon Ryan go mbeidh stáisiúin teilifíse RTÉ agus TG4 ar fáil saor in aisce ar fud Thuaisceart Éireann ó 2012 ar aghaidh.

Ar Lean »

Today FM sa tóir ar réaltaí raidió nua

Dáta Foilsithe - 17/02/2010 10:25:00
Today FM sa tóir ar réaltaí raidió nua
Tá fógartha ag Today FM go bhfuil an stáisiún ag súil le hiarratais a fháil ó réaltaí raidió úrnua mar chuid d’fheachtas margaíochta nua, ‘Raidió: an Chéad Ghlúin Eile’.

Ar Lean »

Cath na mBannaí ar Raidió Rí Rá

Dáta Foilsithe - 08/02/2010 9:42:00
Cath na mBannaí ar Raidió Rí Rá
Níl ach cúig deich lá ag bannaí ceoil úra iarratas a chur isteach sa chomórtas spleodrach atá á reáchtáil ag ‘Cath na mBannaí’ clár ceoil úrnua a chraolfar ar Raidió Rí Rá le linn Sheachtain na Gaeilge.

Ar Lean »

Ceapacháin: Rónán Ó Muirthile

Dáta Foilsithe - 20/01/2010 17:07:00
Ceapacháin: Rónán Ó Muirthile
Fógraíodh le déanaí gurb é Rónán Ó Muirthile atá ceaptha ina láithreoir ar an gnéchlár Gaeilge Splanc a bhíonn á chraoladh ar an stáisiún tráchtála Newstalk 106-108 FM gach Aoine.

Ar Lean »

Gearrliosta do Stáisiún na Bliana Fógartha

Dáta Foilsithe - 20/01/2010 16:58:00
Gearrliosta do Stáisiún na Bliana Fógartha
Fógraíodh an tseachtain seo gearrliosta do Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteacha 2010 agus ar an ngearrliosta sin tá RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales, Raidió Fáilte (Béal Feirste), BBC Radio Scotland agus BBC Radio nan Gaidheal in Albain.

Ar Lean »

Comórtas Clár Raidió Gael Linn 2010

Dáta Foilsithe - 18/01/2010 15:42:00
Comórtas Clár Raidió Gael Linn 2010
D'fhógair an eagraíocht Ghaeilge, Gael Linn, inniu go bhfuil an spriocdháta iontrála do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2010 ag teannadh orainn anois.

Ar Lean »

Borradh faoi lucht éisteachta RnaG

Dáta Foilsithe - 08/12/2009 12:56:00
Borradh faoi lucht éisteachta RnaG
Tá borradh tagtha ar an méid daoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhonn laethúil de réir figiúirí nua a eisíodh ó shuirbhé éisteachta a rinne TNS mrbi don chraoltóir seirbhíse poiblí le déanaí.

Ar Lean »

Raidió Digiteach ar fáil lártíre

Dáta Foilsithe - 08/12/2009 12:49:00
Raidió Digiteach ar fáil lártíre
An mhí seo beidh RTÉ ag cur lena líonra raidió digiteach agus á gcur ar fáil d’éisteoirí raidió i gcontae Chill Dara, Co. an Lú, Co. na Mí, Co. Uíbh Fháilí agus i gCo. na hIarmhí. Táthar ag súil go mbeidh na ceithre sheirbhís náisiúnta FM á gcur ar fáil chomh maith le seacht seirbhís raidió dhigiteacha sa bhreis ar an ardán digiteach amach anseo.

Ar Lean »

Ceapacháin Nua

Dáta Foilsithe - 08/12/2009 12:43:00
Ceapacháin Nua
D’fhógair an tAire Cumarsáide Eamon Ryan ceapacháin nua ar dhá Choiste de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí.

Ar Lean »

Tromlach in éadan fógraíocht pholaitiúil

Dáta Foilsithe - 08/12/2009 12:21:00
Tromlach in éadan fógraíocht pholaitiúil
Tugadh le fios i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí go dtacaíonn tromlach na ndaoine a ghlac páirt i bpobalbhreith le bac ar fhógraíocht pholaitiúil in Éirinn.

Ar Lean »

Gradam PPI do Blas

Dáta Foilsithe - 10/11/2009 13:38:00
Gradam PPI do Blas
Bronnadh an Gradam do chraoltóireacht na Gaeilge ag na Gradaim Raidió PPI i mbliana ar an irischlár Gaeilge , Blas a chraoltar ar BBC Raidió Uladh.

Ar Lean »

Cód fógraíochta nua

Dáta Foilsithe - 10/11/2009 13:29:00
Cód fógraíochta nua
Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag glacadh le haighneachtaí i láthair na huaire faoi dhá chód nua a bhaineann le fógraíocht agus cumarsáid chlosamhairc.

Ar Lean »

Maoiniú faighte ag 13 thionsnamh Ghaeilge

Dáta Foilsithe - 10/11/2009 13:25:00
Maoiniú faighte ag 13 thionsnamh Ghaeilge
Tá fógartha ag Údarás Craolacháin na hÉireann na tionscnaimh rathúla teilifíse a fuair maoiniú faoin scéim Sound & Vision. San iomlán bronnadh maoiniú ar 31 tionscnamh agus astu siúd fuair 13 thionscnamh Ghaeilge agus thionscnamh dhátheangacha maoiniú.

Ar Lean »

Craol: Dara cruinniú do chraoltóirí pobail

Dáta Foilsithe - 10/11/2009 13:16:00
Craol: Dara cruinniú do chraoltóirí pobail
Beidh Craol, an fóram i gcomhair stáisiúin raidió pobail ar fud na tíre ag reáchtáil seisiúin traenála do chraoltóirí Gaeilge le stáisiúin phobail in Óstán Ballykisteen i nGabhal Luimnigh ar an 28 agus 29 Samhain 2009.

Ar Lean »

Céard atá i ndán do chraoladh na Gaeilge ar an raidió?

Dáta Foilsithe - 13/10/2009 12:00:00
Céard atá i ndán do chraoladh na Gaeilge ar an raidió?
Ar chlár nua, Cluais na Cinniúna a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh seo chugainn, déanfar iniúchadh ar thionscal an raidió in Éirinn agus forbairt an hearnála amach anseo.

Ar Lean »

Maoiniú Raidió ar fáil ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann

Dáta Foilsithe - 13/10/2009 11:15:00
Maoiniú Raidió ar fáil ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann
Níl ach seachtain fágtha ag craoltóirí le hiarratais a chur isteach faoin scéim mhaoinithe ‘Sound and Vision.’ Caithfear iarratais a bheidh faighte ag an gCoimisiún roimh 12.00 meán lae, 21 Deireadh Fómhair, 2009.

Ar Lean »

Raidió digiteach in Éirinn

Dáta Foilsithe - 13/10/2009 10:00:00
Raidió digiteach in Éirinn
Tá gá le cur chuige comhtháite cuimsitheach comhordaithe as seo amach i bhforbairt an raidió dhigitigh in Éirinn. Tugadh an méid sin le fios i dtuarascáil nua dar teideal "Digital Radio for Ireland: Competing Options, Public Expectation”, a seoladh le déanaí i mBaile Átha Cliath.

Ar Lean »

Féile na Meán Ceilteach ag glacadh iarratais

Dáta Foilsithe - 01/10/2009 12:45:00
Féile na Meán Ceilteach ag glacadh iarratais
Tá an t-ionad roghnaithe acu agus tá siad ag glacadh le hiarratais don chéad chomórtas eile. Anois tá sé in am do chraoltóirí Gaeilge an deis a thapú agus iarratais a chuir isteach sna comórtais éagsúla a bheidh á reáchtáil ag Féile na Meán Ceilteach an t-earrach seo chugainn.

Ar Lean »

Faigh an traein go CRAOL

Dáta Foilsithe - 11/09/2009 12:15:00
Faigh an traein go CRAOL
Beidh Gabhal Luimnigh mar cheann scríbe do chraoltóirí raidió Gaeilge ar an 19 Meán Fómhair, áit a thionólfar deireadh seachtaine do léiritheoirí raidió ó stáisiúin phobail na tíre.

Ar Lean »

Cláir Raidió Gaeilge san iomaíocht ag Gradaim Raidió PPI

Dáta Foilsithe - 11/09/2009 10:30:00
Cláir Raidió Gaeilge san iomaíocht ag Gradaim Raidió PPI
Beidh ceard an chraoltóra raidió Gaeilge á cheiliúradh i measc na ngradam raidió eile a bhronnfar ag na PPI Radio Awards 2009, ócáid ghalánta go leor a bheidh ar siúl ar an 2 Deireadh Fómhair sa Lyrath House Hotel i gCill Chainnigh.

Ar Lean »

Dréacht rialacha fógraíochta

Dáta Foilsithe - 08/09/2009 15:00:00
Dréacht rialacha fógraíochta
Tá dréacht rialacha um fhógraíocht agus siopadóireacht teilifíse á chur i dtoll a chéile ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann i láthair na huaire agus tá go dtí Dé Luain 21 Meán Fómhair, 2009 le haighneachtaí a chur isteach faoi na rialacha nua seo.

Ar Lean »

Raidió Pobail faoin spotsolas ag dhá thionscnamh taighde nua

Dáta Foilsithe - 07/09/2009 14:30:00
Raidió Pobail faoin spotsolas ag dhá thionscnamh taighde nua
Tá fógartha ag Coimisiúin Craolacháin na hÉireann go mbronnfar maoiniú ar dhá thionscnamh taighde a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de raidió pobail in Éirinn.

Ar Lean »

Sceideal nua Raidió na Gaeltachta

Dáta Foilsithe - 25/08/2009 14:30:00
Sceideal nua Raidió na Gaeltachta
Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 7 Meán Fómhair. Fillfidh an chuid is mó de chláracha na maidine i rith na seachtaine, ach beidh clár nua ceoil ag Gráinne Ní Dhomhnaill ag 10.00 r.n. ó Luan-hAoine, Geantraí Ghráinne.

Ar Lean »

Daoine faoi mhíchumas agus na Meáin in Éirinn

Dáta Foilsithe - 20/08/2009 16:30:00
Daoine faoi mhíchumas agus na Meáin in Éirinn
Scrúdaítear an léiriú agus aird a fhaigheann daoine faoi mhíchumas sna meáin in Éirinn i dtuarascáil nua atá foilsithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus an tÚdarás Náisiúnta Míchumais.

Ar Lean »

Ré nua do Chraoltóirí na Tíre

Dáta Foilsithe - 20/08/2009 15:15:00
Ré nua do Chraoltóirí na Tíre
Ní féidir a shéanadh agus os cionn 180 leathanach i gceist ach nach mbeidh an tAcht Craolacháin, 2009 a achtaíodh ar an 15 Iúil, ar fáil mar ábhar léitheoireachta agus tú ag feitheamh sa seomra fáilte sa stáisiún raidió áitiúil.

Ar Lean »

Conarthaí nua sínithe idir Coimisiúin Craolacháin na hÉireann agu...

Dáta Foilsithe - 20/08/2009 14:30:00
Conarthaí nua sínithe idir Coimisiúin Craolacháin na hÉireann agus Setanta
Tá fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann go bhfuil athruithe nua i struchtúir úinéireachta Setanta Sports Channel Ireland Limited agus Setanta Sports North America Limited faofa ag an gCoimisiún.

Ar Lean »

Ceardlann ar scileanna raidió

Dáta Foilsithe - 20/08/2009 12:00:00
Ceardlann ar scileanna raidió
Ceardlann ar scileanna raidió

Ar Lean »

Fadhbanna Airgeadais do chraoltóirí

Dáta Foilsithe - 28/07/2009 14:30:00
Fadhbanna Airgeadais do chraoltóirí
Moladh tromchúiseach go maith a rinne an grúpa comhairleach ar chaiteachas Stáit i dtuarascáil an Bhoird Snip nua mar a thugtar air go coitianta anois, ná laghdú substainteach a dhéanamh ar an maoiniú a thugtar do TG4.

Ar Lean »

Vótáil

Cad í an tsraith teilifíse is mó a thaitin leat i mbliana?
  • An GAA @ 125 Bliain (TG4)
  • In the Name of the Fada (RTÉ)
  • Scannal (RTÉ)
© 2007-2009 Cogar™ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar.