SCAIP AN SCÉAL
Comórtas Amhránaíochta Liet International
Dáta Foilsithe -
26/08/2010 15:50:00
Tá Liet International, comórtas amhránaíochta d’amhráin atá cumtha i dteangacha neamhfhorleathana ag glacadh le hiarratais arís ó amhránaithe agus cumadóirí ceoil do chraobh an chomórtais bhliantúil.
Ar Lean »
Ar Lean »
Marbhsháinn!
Dáta Foilsithe -
26/08/2010 14:37:00
Is í Úna O'Boyle an chéad duine riamh a chuir peann ar phár sa Ghaeilge mar gheall ar an gcluiche cláir is cáiliúla agus is casta ar domhan, an fhicheall.
Ar Lean »
Ar Lean »
Bí ag Scríobh!
Dáta Foilsithe -
25/08/2010 16:40:00
An mbíonn mearbhall ort faoi úsáid na Gaeilge i gcúrsaí ríomhaireachta? Nó an mbíonn comhghleacaí nó cara leat i gcónaí ag gearán faoi na deacrachtaí a bhaineann le sínte fada ar chur i bhfeidhm ar an ríomhaire?
Ar Lean »
Ar Lean »
Canaimís ar Shráideanna an Chabháin
Dáta Foilsithe -
22/07/2010 13:17:00
Amhráin Ghaeilge á chanadh ar shráideanna an Chabháin. Is é sin an cuspóir atá ag Coiste Gaeilge de chuid Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana agus tá siad ag tabhairt cuireadh do chlubanna óige, do chóracha agus do ghrúpaí eile teacht le chéile don ócáid ‘Canaimís- Let’s sing’ a bheidh ar siúl le linn na féile ar an Aoine 20 Lúnasa.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ról na hEaglaise in Éirinn le plé ag Scoil Mherriman
Dáta Foilsithe -
22/07/2010 13:10:00
Tá séasúr na scoileanna samhraidh linn agus beidh cúrsaí an lae á phlé agus á chíoradh ag na saoithe agus ag na saineolaithe a fhreastalóidh ag na scoileanna idir seo agus deireadh an tsamhraidh.
Ar Lean »
Ar Lean »
Slí an Bháireadóra
Dáta Foilsithe -
22/07/2010 13:04:00
Is annamh a thugtar aitheantas don chúlbáire ar an bpáirc peile nó go moltar na scileanna éagsúla a bhíonn aige nó aici. Ach anois tá DVD nua seolta ag an Cumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ar na sainscileanna agus na gnéithe teicniúla a bhaineann leis an gcúram.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Ghaeilge agus Pobal na hÉireann
Dáta Foilsithe -
24/06/2010 15:41:00
Sa leabhar nua, Pobal an Stáit agus an Ghaeilge 1920-1939, tugtar cuntas ar thuairimí phobal na hÉireann i leith na Gaeilge agus i leith pholasaí an Stáit nuabhunaithe, polasaí nach raibh ach ina thús ach a d’imir tionchar fadtéarmach ar mheon an phobail.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Conradh ag dul ar chuairt ar na Coláistí Samhraidh
Dáta Foilsithe -
24/06/2010 14:40:00
Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge ag dul ar chuairt ar bhreis agus 30 cúrsa samhraidh an samhradh seo agus beidh siad ag obair le cinnirí na gcoláistí ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga.
Ar Lean »
Ar Lean »
Suíomh idirlín nua ag díol leabhair áitiúla
Dáta Foilsithe -
24/06/2010 14:06:00
Ag tús na míosa, seoladh suíomh gréasáin dátheangach úrnua, Localbooks.ie a bheidh ag díriú isteach ar mhionréimse dáileacháin faoi leith amach anseo.
Ar Lean »
Ar Lean »
Lonnaíocht Nua Ghaeltachta do Bhaile Átha Cliath
Dáta Foilsithe -
27/05/2010 15:45:00
Tá tús curtha ag an eagraíocht Comhluadar leis an bpleanáil chun lonnaíocht nua Ghaeltachta a bhunú i mbruachbhaile i gceantar Bhaile Átha Cliath.
Ar Lean »
Ar Lean »
Scoil Samhraidh Cholm Cille
Dáta Foilsithe -
27/05/2010 14:23:00
Oidhreacht Cholm Cille atá mar théama ag Scoil Samhraidh Cholm Cille, féile ealaíne a bheidh ar siúl i nDoire idir an 4-10 Meitheamh. Mar chuid den fhéile beidh réimse leathan d’imeachtaí á reáchtáil trí Ghaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh
Dáta Foilsithe -
26/05/2010 12:24:00
Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, tá an comhlacht foilsitheoireachta ceoil agus agus leabhair Ghaeilge, Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh cloch mhíle shuntasach i mbliana.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Ghaeilge agus na Mórchluichí Spóirt
Dáta Foilsithe -
26/05/2010 10:33:00
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go ndéanfar céatadán ar leith den tráchtaireacht ar imeachtaí spóirt saor-le-craoladh i nGaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Gearrliosta na nGradam Cumarsáide fógartha
Dáta Foilsithe -
29/04/2010 16:21:00
Tá an scéimséir osnádúir Na Cloigne agus an dráma tíriúil Rásaí na Gaillimhe i measc na sraitheanna atá ar an ngearrliosta don ghradam Dráma Teilifíse na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala.
Ar Lean »
Ar Lean »
Áis ar líne luachmhar seolta
Dáta Foilsithe -
29/04/2010 15:55:00
Anois tá fáil ar bhunachar sonraí idirlín ina bhfuil eolas cuimsitheach ann mar gheall ar gach dráma Gaeilge ar tugadh an chéad léiriú air idir an bhliain 1975-2009. Seoladh an áis luachmhar seo níos túisce sa tseachtain i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Ar Lean »
Ar Lean »
An Ghaelscolaíocht faoi bhagairt
Dáta Foilsithe -
28/04/2010 16:45:00
Tháinig fás agus forbairt ar earnáil na Gaelscolaíochta in Éirinn le scór bhliain anuas ach anois tá riar maith de na heagrais Ghaeilge buartha go bhfuil An Roinn Oideachais ag cur laincise ar fhorás na hearnála amach anseo.
Ar Lean »
Ar Lean »
Scríbhneoirí Óga i mbun pinn
Dáta Foilsithe -
28/04/2010 14:56:00
Bronnadh gradam ar an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí óga na Gaeilge ag searmanas bronnta a reáchtáladh i gCathair Chorcaí inné. Bhí Declan Wolfe ó Sattitude ar theilifís RTÉ i láthair chun na boinn agus na teastais a bhronnadh ar na daltaí sin i réigiún Chorcaí a bhuaigh duaiseanna mar chuid den tionscnamh Scríobh Leabhar.
Ar Lean »
Ar Lean »
Gradam Leabhar Bisto ag Ceiliúradh Fiche Bliain
Dáta Foilsithe -
31/03/2010 14:21:00
Ainmníodh Gearrliosta na nGradam Leabhar Bisto do Pháistí an tseachtain seo caite agus ar an ngearrliosta i mbliana tá úrscéal Gaeilge a insíonn scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus tá casadh eile ar inste an tsíscéil de chuid na nDeartháireacha Grimm a chuirtear os comhair an phobail do léitheoirí óga nua ar bhealach tarraingteach draíochtach.
Ar Lean »
Ar Lean »
Na Ceiltigh ag teacht go Corca Dhuibhne
Dáta Foilsithe -
31/03/2010 12:20:00
Cuireadh an bhailchríoch ar chlár oifigiúil na féile idirnáisiúnta Phan-Cheilteach an tseachtain seo agus is féidir leis na cuairteoirí ceilteacha a bheith ag súil le cúig lá de cheol, spraoi agus rince nuair a chuirfear tús leis an bhféile sa Daingean ar an 6 Aibreán.
Ar Lean »
Ar Lean »
‘An Crisis’ ar TG4: Ag baint grinn as an nGéarchéim
Dáta Foilsithe -
31/03/2010 11:47:00
Is deacair tráthúlacht an dráma nua a bheidh le craoladh ag TG4 an tseachtain seo chugainn a shéanadh in aimsir na gciorruithe agus caithfidh go raibh bua na fáistine ag léiritheoirí ‘ An Crisis’, an sraithdhráma úr a chíorann an phleidhcíocht a bhíonn ar bun in eagras stáit samhailteach atá freagrach as forbairt na Gaeilge in Éirinn.
Ar Lean »
Ar Lean »
Go leor déanta;Tuilleadh le déanamh
Dáta Foilsithe -
31/03/2010 10:33:00
Tar éis dó a chéad téarma sé bliana mar an chéad Choimisinéir Teanga a chur de le déanaí, sheol an Coimisinéir Teanga Tuarascáil Bhliantúil 2009 arú inné i gCathair na Gaillimhe. Tugann an Tuarascáil cur síos lomar na mórdhúshláin atá ag bagairt chur i bhfeidhm éifeachtúil Acht na dTeangacha Oifigiúla go ginearálta.
Ar Lean »
Ar Lean »
Club Leabhar ar líne
Dáta Foilsithe -
17/02/2010 16:03:00
D’éirigh go breá le Clubanna leabhar i mBéarla, The Oprah Winfrey Book Club agus Club Leabhar Richard and Judy le tamall de bhlianta anuas daoine a spreagadh i dtreo na léitheoireachta. Anois, tá an comhlacht Gaelchultúr ag súil go gcuirfidh léitheoirí úra suim i leabhair Ghaeilge, idir leabhair nua-fhoilsithe agus clasaigh atá fós i gcló, mar chuid de thionscadail nua ar líne dar teideal Clubleabhar.com.
Ar Lean »
Ar Lean »
Seachtain na Gaeilge 2010
Dáta Foilsithe -
17/02/2010 15:39:00
Cuirfear tús le himeachtaí spleodracha Sheachtain na Gaeilge i mbliana le seoladh na féile a bheidh ar siúl sa Button Factory i mBaile Átha Cliath ar an 3 Márta. I mbliana beidh an spéirbhean agus craoltóir Aoibhinn Ní Shúilleabháin chomh maith le Danny O’Reilly, amhránaí le ceann de na grúpaí ceoil is iomráití in Éirinn- The Coronas, ag feidhmiú mar aíonna poiblí na féile.
Ar Lean »
Ar Lean »
Aitheantas ar bith do Ghaescoileanna nua in 2010
Dáta Foilsithe -
17/02/2010 15:26:00
Tá díomá léirithe ag an eagraíocht Ghaeilge, GAELSCOILEANNA TEO faoin gcinneadh a d’fhógair an Roinn Oideachais agus Eolaíochta inné, gan aitheantas a thabhairt do gaelscoileanna nua sa bhliain 2010.
Ar Lean »
Ar Lean »
Fáilte curtha roimh chraoltóirí freastal ar 'Tóstal na Gaeilge'
Dáta Foilsithe -
17/02/2010 14:47:00
Bíonn Tóstal na Gaeilge, mórchomhdháil ar cheisteanna polasaí agus teanga á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gach dara bliain agus i mbliana is é an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bheidh á phlé ag an bpobal ann. Cuirtear fáilte roimh craoltóirí teacht ag an ócáid ach go háirithe a bheith i láthair agus an deis a thapú a bheith i lár an aonaigh sa Salthill Hotel Gaillimh ar an 26 agus 27 Feabhra.
Ar Lean »
Ar Lean »
Imbolc- Inspioráid na Bliana
Dáta Foilsithe -
20/01/2010 15:52:00
Bhí í Imbolc ar cheann de na féilte ba mó a bhíodh ann i bhféilire na gCeilteach agus anois tá lánúin phósta atá ag cur fúthu i nGaeltacht Mhúscraí ag súil le tógáil ar chuid de na gnéithe agus an fhealsúnacht a bhí lárnach san fhéile sin nuair a thionólfar comhdháil i mBaile Bhúirne a dhíreoidh ar théama na hinspioráide agus an mhisnigh sa bhliain amach romhainn.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ar an Scáileán beag: Seacht
Dáta Foilsithe -
20/01/2010 15:44:00
Cad í an ghné is tábhachtaí faoi dhráma ar bith -Coimhlint, Craic nó Caidrimh? Caithfidh go bhfuil an rún ag an gcomhlacht teilifíse Stirling Productions a bhíonn ag léiriú na sraithe teilifíse mór le rá, ‘Seacht’ mar ainmníodh an comhlacht faoi dhó do dhá Ghradam le coicís anuas.
Ar Lean »
Ar Lean »
Mórcheist na Míosa: Dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge
Dáta Foilsithe -
20/01/2010 15:32:00
Is ar Thithe an Oireachtais a bheidh an spotsolas ag titim an mhí seo, áit a mbeidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge á plé os comhair Comhchoiste Oireachtais inniu, Dé Céadaoin 20 Eanáir. Beidh ionadaithe ó shé eagraíocht Ghaeilge ag freastal ar an gcruinniú a bheidh á reáchtáil ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus déanfar cur i láthair agus anailís ar an Dréacht- Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a d’fhoilsigh an rialtas go poiblí ar an 26 Samhain.
Ar Lean »
Ar Lean »
Seirbhísí Ilmheáin nua ar Logainm.ie
Dáta Foilsithe -
20/01/2010 15:22:00
Tá cuardaigh ar ‘Dublin’ sa chéad áit, ‘Blackrock’ sa dara háit agus ‘Derry’ sa tríú háit i measc na gcuardach is coitianta a dhéantar ar an láithreán gréasáin Logainm.ie. D’eisigh an láithreán gréasáin na staitisticí spéisiúla seo an mhí seo agus tá fógartha chomh maith acu go bhfuil leathnú déanta anois ar na seirbhísí ilmheáin a bhíonn ar fáil do chuairteoirí ar an suíomh le bunú comhaid fuaime ina mbeidh 833 logainm ó Chontae Átha Cliath le cloisteáil ann i mBéarla agus i nGaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Scéalta Scáileáin na Gaeilge
Dáta Foilsithe -
20/01/2010 15:12:00
D’fhógair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an tseachtain seo caite go bhfuil modúl nua ar siúl ag Scoil Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston in OÉ Gaillimh ar stair agus ar thábhacht na Gaeilge sna scannáin agus sna léirithe Gaeilge a rinneadh don scáileán ó 1920 i leith, na Scannáin idirnáisiúnta ina measc.
Ar Lean »
Ar Lean »
Díospóireacht na míosa seo: Ainmneacha Gaeilge ar eastáit tithíoc...
Dáta Foilsithe -
09/12/2009 15:27:00
Ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath le rún an tseachtain seo caite go mbeadh iallach ar lucht forbartha ainmneacha as Gaeilge amháin a chur ar eastáit nua sa chathair agus go mbeadh orthu ainainmneacha a thabhairt ar fhorbairtí nua a bheadh fréamhaithe sa stair agus sa tírdhreach áitiúil.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ollrith naisiúnta ar son na Gaeilge
Dáta Foilsithe -
09/12/2009 15:07:00
Seoladh Rith 2010 ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge le linn Oireachtas na Gaeilge agus is cosúil go bhfuil an feachtas faoi lán seoil anois le sraith de chruinnithe poiblí ar na bacáin sna seachtainí atá amach romhainn.
Ar Lean »
Ar Lean »
Luach na Gaeilge do Chontae na Gaillimhe- €136 milliún
Dáta Foilsithe -
09/12/2009 14:49:00
Dar le staidéar a foilsíodh le déanaí is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe agus creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ceirnín eile ón Taobh Tuathail
Dáta Foilsithe -
09/12/2009 14:34:00
Thosaigh an clár raidió An Taobh Tuathail ag craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1999 agus ó shin i leith d’éirigh leis an gclár a dhíríonn ar scoth an cheoil chomhaimseartha le blas leictreonach ardghradam a bhaint amach go náisiúnta as a cur chuige neamhspleách agus ceannródaíoch.
Ar Lean »
Ar Lean »
Is leor beirt do chomhrá!
Dáta Foilsithe -
10/11/2009 13:57:00
Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre inné, Dé Luain, 9 Samhain 2009.
Ar Lean »
Ar Lean »
Deiseanna do Chraoltóirí le Gaeilge
Dáta Foilsithe -
10/11/2009 12:25:00
Ag labhairt dó ag seoladh an láithreáin ghréasáin úrnua do chraoltóirí Gaeilge, www.cogar.ie i rith an Oireachtais Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair, chuir an tUasal Cathal Póirtéir, léiritheoir raidió le RTÉ Raidió a haon, béim ar an deis atá anois ar fáil do chraoltóirí le Gaeilge naisc agus caidreamh a chothú agus todhchaí na hearnála raidió Gaeilge a phlé le chéile as seo amach.
Ar Lean »
Ar Lean »
Mórshaothair na Gaeilge i gcló arís
Dáta Foilsithe -
10/11/2009 12:10:00
Is ábhar áthais do chainteoirí Gaeilge é go mbeidh saothair litríochta na Gaeilge a bhí as cló le tamall de bhlianta anuas ar ais i gcló agus ar fáil ar an idirlíon agus i siopaí leabhar go luath. Bhí an tAire Éamon Ó Cuív i láthair inné in éineacht leis na haisteoirí Bríd Ní Neachtain agus Diarmuid de Faoite ag ócáid cheiliúrtha a reáchtáil an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar–Chonnachta.
Ar Lean »
Ar Lean »
Caint Campaign
Dáta Foilsithe -
10/11/2009 11:46:00
Tá láithreáin gréasáin nua ag Caint Campaign agus tá an t-athrú béime san fheachtas idirlín le tabhairt faoi deara ar an nGréasán anois dar le Paul Feeney atá ina mbun.
Ar Lean »
Ar Lean »
Cairo go Cape Town
Dáta Foilsithe -
10/11/2009 11:00:00
An mhí seo labhraíonn Cogar le Stiofáinín Nic lomhaird, Oifigeach Tiomsaithe Airgid leis an gcumann carthanachta Link Community Development (LINK) mar gheall ar fheachtas nua a bheidh ar bun ag an eagraíocht dheonach chun airgead a bhailiú ar son scoileanna san Afraic. Mar chuid den fheachtas tabharfar an deis do scoileanna Mór-Roinn na hAfraice a thrasnú- gan an seomra ranga a fhágáil.
Ar Lean »
Ar Lean »
Seoladh oifigiúil an tsuímh nua
Dáta Foilsithe -
13/10/2009 16:00:00
Tá leagan úr nua den suíomh www.Cogar.ie ar fáil le cúpla seachtain anuas, agus déanfar an leagan úr seo a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Gaeilge. Is ar an Aoine, 30 Deireadh Fómhair 2009, a dhéanfar an suíomh a sheoladh go hoifigiúil ag 7.30pm in Óstán Mount Errigal, i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
Ar Lean »
Ar Lean »
Saor Chomhairle Dlí ar fáil-as Gaeilge!
Dáta Foilsithe -
13/10/2009 14:00:00
Tá an eagraíocht chearta daonna FLAC ag obair i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge chun seirbhís dlí in aisce a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ar an chéad Chéadaoin den mhí arís an Fómhar seo.
Ar Lean »
Ar Lean »
Úrscéal nua do dhéagóirí
Dáta Foilsithe -
13/10/2009 14:00:00
De réir mar a dhuideann dúluachair an gheimhrigh linn, is féidir an deis a thapú agus oícheanta fada cois tine a chaitheamh ag léamh go socair. Mar a dúirt an craltóir is aitheanta sa tíre go minic ar seó na mbréagán is bronntanas buan é leabhar. Gach seans go mbeidh suim ag tuismitheoirí agus daoine óga ar aon sa leabhar nua 'Tromluí' le hÁine Ní Ghlinn atá dírithe ar dhéagóirí.
Ar Lean »
Ar Lean »
Mórcheist na míosa: Luach na ndeontas scríbhneoireachta
Dáta Foilsithe -
13/10/2009 13:00:00
Cé go leanann an chonspóid sna meáin Bhéarla ar fhiúntas na ndeontas a thugtar do scríbhneoirí Gaeilge, beidh foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge ag súil go mbeidh an focal scoir acu nuair a fhógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shuillleabháin & Ghradam Réics Carló i Leitir Ceanainn, ar an Aoine, 30 Deireadh Fómhair, le linn Oireachtas na Gaeilge.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ar stáitse: Dhá léiriúchán nua ar chamchuairt
Dáta Foilsithe -
13/10/2009 12:15:00
Tabharfar an deis do lucht féachana Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Leitir Ceanainn blas a fháil ar dhrámaíocht na Gaeilge nuair a stáitseofar dhá léiriúcháin nua an mhí seo.
Ar Lean »
Ar Lean »
Úsáid na Teicneolaíochta i bhforbairt na Gaeilge
Dáta Foilsithe -
15/09/2009 14:30:00
Tá lá oiliúna á eagrú ag Glór na nGael le go mbeidh coistí Gaeilge in inmhe an tairbhe is mó a bhaint as teicneolaíocht an eolais lena gcuid spriocanna a bhaint amach.
Ar Lean »
Ar Lean »
Abair amach é: Ranganna Gaeilge
Dáta Foilsithe -
15/09/2009 14:15:00
Tá an comhlacht Gaelchultúr ag tabhairt do dhúshláin níos mó ná cúpla focal a fhoghlaim an fómhar seo ar cheann dá chúrsaí timpeall na tíre. Beidh na ranganna seo do dhaoine fásta ar siúl in ionaid éagsúla, ó Leitir Ceanainn go Corcaigh, agus cuirfear tús leo an tseachtain dar tosach 21 Meán Fómhair 2009.
Ar Lean »
Ar Lean »
I gcló: Ó Chósta go Cósta
Dáta Foilsithe -
15/09/2009 14:00:00
Tá litríocht na Gaeilge á cheiliúradh i láthair na huaire ag an bhféile litríochta IMRAM i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an bhféile litríochta ar an 10 Meán Fómhair agus leanfaidh sé ar aghaidh in ionaid éagsúla go dtí deireadh na míosa
Ar Lean »
Ar Lean »
Ar stáitse: Broken Croí, Heart Briste
Dáta Foilsithe -
15/09/2009 11:30:00
Cad atá ar bun ag Manchán Magan na laethanta seo? Ag féachaint ar an grianghraf a d’eisíodh faoina chéad tionsnamh cruthaitheach eile, tá sé gléasta suas mar Rós Thrá Lí ag caitheamh gúna álainn fada agus sábh mór faobhrach ina lámh aige. Is léir go bhfuil ráiteas de shaghas éigin le déanamh aige ach cad é?
Ar Lean »
Ar Lean »
Ar an scáileán beag: Rásaí na Gaillimhe
Dáta Foilsithe -
15/09/2009 11:00:00
D’fhógair TG4 sceideal an fhómhair le déanaí agus má tá fonn ort airgead a chur síos ar an gclár teilifíse is mó a bheidh á phlé ag daoine ag an tobar uiscefhuaraithe san oifig, bhuel ní bheadh dul amú ort geall a chur síos ar Rásaí na Gaillimhe, sraith nua a bheidh á chraoladh ar an stáisiún ar an gCéadaoin, 23 Meán Fómhair go ceann seacht seachtaine.
Ar Lean »
Ar Lean »
Cruinniú éigeandála tionólta ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gael...
Dáta Foilsithe -
04/08/2009 14:00:00
Bhí todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chaibidil le linn cruinniú éigeandála a reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, idir eagraíochtaí Gaeilge, i bhfianaise thuarascáil an Bhoird Snip Nua a foilsíodh le déanaí.
Ar Lean »
Ar Lean »
Droichead idir cultúir éagsúla
Dáta Foilsithe -
04/08/2009 12:45:00
Seoladh féile nua i mBéal Feirste an tseachtain seo caite a dhéanfaidh ceiliúradh ar an ilghnéitheacht agus éagsúlacht chultúir atá fite fuaite le saol na cathrach ann anois.
Ar Lean »
Ar Lean »
Spórt ar an scáileán
Dáta Foilsithe -
04/08/2009 12:30:00
Tá an séasúr an spóirt faoi lán seoil agus beidh áthas ar lucht leanúna spóirt fud fad na tíre go bhfuil Seó Spóirt ag filleadh ar ais ar TG4 i mí Lúnasa, mí na cinniúna do na foirne ar fad atá ag glacadh páirte i gcraobh na peile agus i gcraobh na hiománaíochta
Ar Lean »
Ar Lean »
Cúrsaí an lae faoi chaibidil ag Scoil Samhraidh Merriman
Dáta Foilsithe -
04/08/2009 11:45:00
Is cosúil go bhfuil an réabhlóid faoi lán seoil - tá athbheochan ar an ‘Scoil samhraidh’, an feiniméan ar leith sin a raibh dlúthbhaint aige le cuisle an tsaoil acadúil agus intleachtaigh in Éirinn le fada an lá.
Ar Lean »
Ar Lean »
Ruaille Buaille faoi RíRá
Dáta Foilsithe -
04/08/2009 11:30:00
I mí an Mheithimh i mbliana, d’fhoilsigh Coimicí Gael greannán nua dar teideal RíRá. Tá an greannán dírithe ar pháistí óga idir 8-14 bliana d’aois agus tá fís láidir ag bunaitheoir an chomhlachta, an cartúnaí Aidan Courtney.
Ar Lean »
Ar Lean »