COMHDHÁIL NÁSIÚNTA NA GAEILGE
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann í Cogar.
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Léirítear príomhchuspóir na Comhdhála trína Ráiteas Misin “bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.”
Bunaithe i 1943, feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tá 24 balleagraíocht anois sa Chomhdháil, ó mhór-réimsí uile na hearnála, agus tá ionadaí ó gach balleagraíocht mar chomhalta ar Bhord na Comhdhála. Is é feidhmeannas na Comhdhála atá freagrach as obair na heagraíochta a chur i gcrích ó lá go lá.