CAD É COGAR?
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiúin Craolacháin na hÉireann í Cogar.
Tá forbairt suntasach tagtha ar Cogar, an tseirbhís eolais dátheangach do chraoltóirí raidió le tamall anuas agus í ag claochlú ó nuachtlitir leictreonach mhíosúil, a foilsíodh ar dtús i 2007 go seirbhís eolais cuimsitheach atá mar áis líonraithe do chraoltóirí raidió.
Tá Cogar dírithe ar chraoltóirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt ar an raidió, bíodh cúpla focal in úsáid acu nó comhrá casta ar siúl ar an gclár. Is é atá mar sprioc ag Cogar ná tacaíocht a thabhairt do chraoltóirí trí scéalta nuachta ó shaol na Gaeilge a chur ar fáil dóibh chomh maith le sonraí teagmhála na ndaoine atá i lár an aonaigh.
Bíonn an líonrú sin ar siúl idir na craoltóirí iad féin, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagraíochtaí Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus aithnítear mar bhunchloch an tionscnaimh é. Is tríd an meitheal oibre agus an comhrá sin a bhfuiltear ag súil go dtiocfadh forbairt ar an earnáil trí chéile, plé a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha bainteach le craoltóireacht na Gaeilge agus crann taca a chur ar fáil do smaointí nua.
Tá ról le himirt ag an líonrú sóisialta chomh maith agus cuirtear fearadh na fáilte roimh chraoltóirí agus a dtuairimí ar an leathanach Facebook.
Beidh an líonrú sin ar siúl sna seimineáir a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann mar chuid den togra Cogar i bhfómhar na bliana seo agus san Earrach, 2010 agus beidh fáil ar na sonraí sin go léir ar an láithreáin gréasáin seo agus sa nuachtlitir go luath.
Láithreán gréasáin dátheangach atá i gceist le Cogar ina bhfuil an t-eolas cuí ar chúrsaí oiliúna ar fáil ann chomh maith le fógraí fostaíochta do chraoltóirí lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Cuirtear craoltóirí ar an eolas faoin nuacht is déanaí san earnáil agus é teacht ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann i measc foinsí eile chomh maith le leideanna agus comhairle mar gheall ar fhoinsí maoinithe ó thaithí na gcraoltóirí eile.
Leanfaidh Cogar leis an dul chun cinn atá ar siúl san earnáil, ón raidió traidisiúnta go raidió dhigiteach agus sceideal FM na gclár Gaeilge á gcur ar fáil ar an láithreán gréasáin.
Anuas air sin cuirtear nascanna cuimsitheacha ar fáil do na podchraoltaí raidió atá i nGaeilge atá ag dul i méid Domhnach is dálach.