CEIST?
An bhfuil áiseanna ar líne do chraoltóirí raidió?
Tá liosta iomlán ar fáil anseo.
Tá suim agam sa raidió, aon seans go mbeadh taithí oibre ar fáil?
Bíonn stáisiúín phobail ar fud na tíre ag cuartú saorálaithe agus daoine chun cabhrú leo an t-am go léir. Déan teagmháil leis an stáisiún raidió pobail i do cheantarsa. Tá liosta iomlán do chúrsaí oiliúna do chraoltórí raidió ar fáil anseo.
Sin é!Táim tar éis cúrsa a dhéanamh sa chraoltóireacht raidió ach an bhfuil aon deiseanna fostaíochta amuigh ansin?
Ó am go ham fógraítear folúntais do chraoltóirí raidió ar Cogar.ie. Más maith leat post a fháil in earnáil na Gaeilge go ginearálta, fógraítear gach post saor in aisce ar Gaelport.com. Déantar iad a nuashonrú gach lá. Bíonn sonraí mar gheall ar deiseanna ar chláir Bhéarla ar www.radiowaves.fm.
Rith smaoineamh iontach liom do chlár raidió. An bhfuil deiseanna maoinithe amuigh ansin?
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an Scéim um MaoiniúCraolacháin ar fáil ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
Is bainisteoir stáisiúin mé agus táim ag lorg craoltóir le Gaeilge. Cá bhfuil siad?
Scaiptear an rómhiris Cogar ar chraoltóirí raidió gach dara mí. Tá thart faoi 1,000 intiúsóir ag an seirbhís eolais seo atá díirithe ar chraoltóirí raidió le Gaeilge agus is bealach iontach é chun folúntas a fhoilsiú saor in aisce. Déan teagmháil le niamh@gaelport.com inniu!
Cá bhfaighinn eolas faoi ranganna Gaeilge do dhaoine fásta?
Gaelchultúr Teo. Leibhéal 2, Foirgneamh Filmbase, An Chuarshráid,
Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 675 3658 R-phost: eolas@gaelchultur.com Idirlíon: www.gaelchultur.com
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 675 1200 Facs: 01 670 4180
R-phost: eolas@gael-linn.ie Idirlíon: www.gael-linn.ie
Conradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 475 7401 Facs: 01 475 7844
R-phost: eolas@cnag.ie Idirlíon: www.cnag.ie
Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 675 3658 R-phost: eolas@gaelchultur.com Idirlíon: www.gaelchultur.com
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 675 1200 Facs: 01 670 4180
R-phost: eolas@gael-linn.ie Idirlíon: www.gael-linn.ie
Conradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 475 7401 Facs: 01 475 7844
R-phost: eolas@cnag.ie Idirlíon: www.cnag.ie
Áras Chrónáin Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
Teil: 01 457 4847 Fax : 01 457 4847
R-phost: info@araschronain.com Suíomh: www.araschronain.com
Áras Mháirtín Uí Chadhain An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Teil: 091 595101 Facs: 091 595038
R-phost: intloffice@mis.nuigalway.ie Idirlíon: www.mis.nuigalway.ie