BUNREACHT NA COMHDHÁLA
I. TEIDEAL
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
II. AIDHM AGUS FEIDHM
Is é an príomhchuspóir atá ag an gComdháil:
Bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Is é feidhm don Chomdháil na heagraíochtaí Gaeilge agus cairde eile na teanga a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Comhlíonfar an fheidhm sin trí:
- Obair na n-eagraíochtaí Gaeilge, an earnáil dheonach, a chomhdhlúthú d'fhonn comhpháirtíocht thorthúil a chinntiú trí chumarsáid a chothú agus aontú ar phríomhspriocanna oibre na Comhdhála
- bearta a dhéanamh a bheadh thar chumas na n-eagraíochtaí Gaeilge agus a rachadh chun leas na teanga
- tacú le heagraíochtaí eile ar mhaithe leis an Ghaeilge
- comhoibriú a chothú idir chairde uile na Gaeilge, agus
- labhairt le haontacht ar cheisteanna a mbeadh tábhacht ar leith iontu do ghluaiseacht na Gaeilge
III. STRUCHTÚR
Cuirfear na feidhmeanna sin i gcrích trí:
- cruinnithe rialta de chomhaltaí na Comhdhála.
- painéil ullmhaithe polasaí ionadaíoch ar réimsí ar shaineolaithe nó ar
- spriocphobail ar leith
- Mór-theacht le chéile nuair is cuí
IV. COMHDHÉANAMH
1.
a. Is iad a bheidh ina mbaill den Chomhdháil ná na heagraíochtaí Gaeilge a bheidh comhpháirteach inti de thuras na huaire. Beidh ionadaí amháin ag gach ceann de na heagraíochtaí atá luaite i Sceideal A den Bhunreacht seo, mar chomhaltaí ar an gComhdháil.
b. Féadfar cead freastal ar chruinniú/chruinnithe na Comhdhála a thairiscint d'ionadaí amháin a ainmneoidh gach painéal ar leith.
2.
b. Ainmneoidh na heagraíochtaí comhpháirteacha a n-ionadaithe féin i scríbhinn mar chomhaltaí den Chomhdháil gach bliain de réir gnáis a bheidh leagtha síos i Rialacha Imeachta. Ceannairí na n-eagraíochtaí a ainmneofar mar ghnáthnós. Ainmneoidh na heagraíochtaí comhpháirteacha a n-ionadaithe tánaisteacha chun feidhmiú ar bhonn eisceachtúil thar a gceann de réir gnáis a bheidh leagtha síos i Rialacha Imeachta.
c. Is comhalta é/í an tUachtarán.
3. Féadfar ionadaíocht ar an gComdháil a thabhairt d'aon eagraíocht bhreise a bhfuil seirbhís tháirgiúil á tabhairt aige don Ghaeilge má bhíonn dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí atá i láthair ina fhábhar sin. Ní mór fógra dhá mhí a thabhairt do chomhaltaí na Comhdhála sara gcuirfear os comhair cruinnithe é de réir gnáis atá leagtha síos sna Rialacha Imeachta, chomh maith le rialacha a bhaineann le freastal agus le cinnteacht leanúnachais.
4. Leagfar gnás síos maidir le ceapadh agus scor painéal i Rialacha Imeachta.
5. Féadfar ionadaíocht ar an gComhdháil a bhaint d'eagraíocht ar bhonn na gcúiseanna atá leagtha síos sna Rialacha Imeachta má bhíonn dhá thrian de na comhaltaí atá i láthair ina fhábhar sin. Ní mór fógra dhá mhí a thabhairt d'eagraíocht go bhfuil rún á mholadh go mbainfí ionadaíocht de. Leagfar an nós imeachta síos sna Rialacha Imeachta.
V. Vótáil
a. Rún
Éireoidh le rún ach tromlach na gcomhaltaí a chaitheann vótaí a bheith ina fhabhar, ach amháin sna cásanna a luaitear sa Bhunreacht seo, nó má shocraítear a mhalairt sna Rialacha Imeachta. Beidh gnáthvóta agus vóta réitithe ag an Uachtarán.
b. Toghchán - Éireoidh le duine i dtoghchán ach tromlach na vótaí a chaitear a bheith faighte ag an duine sin, ach amháin sna cásanna a luaitear sa Bhunreacht seo, nó má shocraítear a mhalairt i Rialacha Imeachta. Beidh gnáthvóta ag an Uachtarán.
c. Cead Vótála. Beidh vóta ag ionadaí an Chomhalta sa chás nach féidir leis an gComhalta a bheith i láthair don vótáil.
Córam
I gcás gur gá dhá thrian de na comhaltaí atá i láthair a bheith i bhfabhar rúin, ní mór leath de na comhaltaí a bheith i láthair le haghaidh córaim. I gcásanna eile glacfar le trian de na comhaltaí mar chóram, toghchán na hUachtaránachta san áireamh.
Rialacha Imeachta
Féadfaidh an Chomhdháil rialacha imeachta nach sáraíonn an Bunreacht seo a leagan síos.
VI. LEASÚ
Féadfar an Bunreacht seo a leasú uair sa bhliain, ag an gcéad chruinniú eile tar éis toghadh an Uachtaráin, ach dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí a bhíonn i láthair a bheith i bhfábhar an leasaithe agus an leasú a bheith curtha i scríbhinn chuig gach comhalta dhá mhí ar a laghad roimh an chruinniú sin.
Tiocfaidh an Bunreacht seo i bhfeidhm ag cruinniú na Comhdhála 27 Feabhra 1998.
Glacadh leis an mBunreacht seo d'aonghuth ag cruinniú na Comhdhála Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 1997.