BUAICPHOINTÍ NA BLIANA
Buaicphointí na Bliana 2008
Seirbhísí Eolais na Comhdhála
- Os cionn 1,200,000 cuairteoir chuig Gaelport.com i rith na bliana.
- 4,800 síntiúsóir do nuachtlitir leictreonach choicísiúil na Comhdhála.
- 1,400 síntiúsóir don Achoimre Laethúil ó na Nuachtáin.
- Cuireadh 3,300 scéal nua ar Gaelport.com i rith na bliana.
- COGAR - nuachtlitir leictreonach mhíosúil dírithe ar chraoltóirí stáisiúin raidió.
- Forbairtí breise déanta ar Gaelport.com agus beidh leagan nua den suíomh á sheoladh i mí Feabhra 2009.
Buntáiste Breise na Gaeilge agus An Óige
- D'fhreastail 600 dalta iar-bhunscoile ar dhá sheimineár, 'Buntáiste Breise na Gaeilge' a eagraíodh i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath i rith na bliana.
Tóstal na Gaeilge agus Plean Straitéiseach 2028
- Eagraíodh Tóstal na Gaeilge, i nGaillimh i mí Feabhra, áit ar tháinig go leor moltaí chun cinn do Phlean Straitéiseach na Gaeilge 2028. Seoladh na moltaí ar aghaidh chuig comhairleoirí an Rialtais ar an bPlean.
- Cur i láthair déanta do na comhairleoirí ar mholtaí na Comhdhála.
Abhcóideacht eile
- Seoladh aighneachtaí maidir le polasaithe agus pleananna a mbeadh tionchar acu ar chur chun cinn na Gaeilge chuig na Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí eile.
Reachtaíocht
- 19 n-aighneacht seolta chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
- Páirt ghníomhach glactha san fheachtas chun Acht Teanga a bhaint amach do Thuaisceart Éireann.
- Leasuithe molta ar an mBille Craolacháin agus glactha le cuid díobh go dtí seo. Pleanáil sa Ghaeltacht
- Cuireadh 31 aighneacht, achomharc nó tuairim faoi bhráid Údaráis Phleanála chuí le linn na bliana.
Turas na bhFilí
- Clár malartaithe cultúir idir Éirinn agus Albain. Eagraíodh comórtas filíochta bisiúil lena linn.
More Facts About Irish
- Rinne An Chomhdháil margaíocht agus dáileachán ar an leabhar 'More Facts About Irish' le Helen Ó Murchú arna fhoilsiú ag Coiste na hÉireann de EBLUL.
An Fáinne
- Feachtas margaíochta seolta le méadú de 22% ar dhíol An Fáinne agus 46% ar dhíol Cúpla Focal le linn na bliana mar thoradh.